Gearóid Stockman
Seánraí: Eagarthóir, Foclóirí, Scríbhneoir acadúil, Canúineolaí, Logainmneoir
Rugadh Gearóid i mBéal Feirste i 1933 agus fuair sé a chuid oideachais sa chathair chéanna i gColáiste Naomh Maolmhaodhóg agus in Ollscoil na Banríona. Chaith sé 14 bliana ag teagasc i meánscoileanna éagsúla sular ceapadh ina léachtóir i Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na Banríona é i 1968. Rinneadh ollamh de i 1980. Sa chanúineolaíocht agus sa ghramadach is mó a bhí suim aige ach ghlac sé páirt fosta i dtionscnaimh a bhain le logainmníocht, nó an dinnseannchas, agus le foclóireacht. Chaith sé cúig bliana ina eagarthóir ar An tUltach.
Gearóid was born in Belfast in 1933 and was educated in that city in St Malachy’s College and Queen’s University. He spent 14 years teaching in various secondary schools before being appointed to a lectureship in the Department of Celtic Studies in Queen’s in 1968. He was promoted to the Chair of Celtic Studies in 1980. His primary interests were Irish dialectology and grammar but he also participated in projects involving toponymy and lexicography. He spent five years editing An tUltach.