Fionntán de Brún

Fionntán de Brún

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 23 Deireadh Fómhair 2012

Suíomh: An Chultúrlann, Béal Feirste

Is scríbhneoir acadúil as Béal Feirste é Fionntán de Brún a bhfuil leabhar gearrscéalta i gcló aige agus úrscéal idir lámha aige. Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta eile (Móinín, 2005) duais Bhord na Leabhar Gaeilge ag Oireachtas 2004. Foilsíodh monagraf leis dar teideal Seosamh Mac Grianna: an Mhéin Rúin (An Clóchomhar, 2002) agus tá roinnt leabhar curtha in eagar aige, orthu sin Éigse Loch Lao 1 (2012) agus Éigse Loch Lao 2 (2013), in éineacht le Séamus Mac Mathúna. Is é an tOllamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad é agus faoi láthair tá sé ag scríobh monagraf Béarla ar an athbheochanas i litríocht na Gaeilge mar chuid de chomhaltacht taighde de chuid an Arts and Humanities Research Council. Ar na hailt is déanaí uaidh tá ‘Pádraig Mac Piarais, Scoil Éanna agus Neamhspleáchas Intleachtúil na hÉireann’ in An Piarsach agus 2016: Briathar, Beart agus Oidhreacht (Cló Iar-Chonnacht, 2016).

Fionntán de Brún is an academic writer from Belfast who has published one collection of short stories and has a novel in progress. His collection of short stories entitled Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta eile (Móinín, 2005) won the Bord na Leabhar Gaeilge prize at the 2004 Oireachtas. An English translation of one of these stories was published in Twisted Truths (Cló Iar-Chonnacht, 2011). He has also published a monograph on the writer Seosamh Mac Grianna, Seosamh Mac Grianna: an Mhéin Rúin (An Clóchomhar, 2002), and has co-edited Éigse Loch Lao 1 (2012) agus Éigse Loch Lao 2 (2013). He is the Professor of Modern Irish at Maynooth University and is currently working on a monograph on Revivalism in Irish literature as part of a fellowship awarded by the Arts and Humanities Research Council. Among his latest articles is ‘Pádraig Mac Piarais, Scoil Éanna agus Neamhspleáchas Intleachtúil na hÉireann’ in An Piarsach agus 2016: Briathar, Beart agus Oidhreacht (Cló Iar-Chonnacht, 2016).

Dáta breithe: 1969

Áit bhreithe: Béal Feirste, Co. Aontroma

Scaip an phortráid seo:

Glór Larissa a mhothaigh mé ar dtús, nótaí fada crochta a rinne blár folamh den áras mórthaibhseach. Chuala mé gairm an uafáis agus na scéine sa ghuth sin mar a bheadh sí i ndiaidh a theilgean amach as uaimh in íochtar aigéin. Nótaí ag dreapadh ar dhroim nótaí agus ansin gáir amháin á scaoileadh as crann tadhaill suas le creataí an halla. Sna meandair bheaga ina dtarraingíodh Larissa a hanáil bhí an t-aer lom briosc mar nárbh ann do thost ná fuaim féin. Ansin gan coinne, leath an bualadh bos tríd an halla mar a bheadh cith éadrom fearthainne ann.

Ní raibh ann ach gur aithin mé go raibh Elena ag ceol, is é rud a bhí sí ag ceol gan fhios dom. Bhí a glór ag teacht agus ag imeacht mar a bhíonn an léaró beag i dteach solais ag imeacht ar an té atá ar shoitheach mara. Nuair a bhéarfadh do chluas greim ar an cheol, chluinfeá mearadh agus práinn i gcuideachta a chéile agus thuigfeá gur páirt beirte a bhí sí a dhéanamh in aon ghlór amháin – lánúin a bhí ag achrann faoi ghealltanais a tréigeadh agus cumann a briseadh. Níl a fhios cén diabhal a lig di céasadh agus buairt strainséirí ón stair a ionchollú ach mhair sí ag cur cora an phianpháis di ó bhaithis a cinn anuas go dtí a dá cos. Agus ansin sa deireadh, nuair a d’fhág na hanama cráite a colainn, chrom sí a smig go brónach agus stán go sollúnta ar an urlár.

Fionntán de Brún, sliocht as an úrscéal Prút

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00