Fionntán de Brún
Seánraí: Gearrscéalaí, Scríbhneoir acadúil
Is scríbhneoir acadúil as Béal Feirste é Fionntán de Brún a bhfuil leabhar gearrscéalta i gcló aige agus úrscéal idir lámha aige. Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta eile (Móinín, 2005) duais Bhord na Leabhar Gaeilge ag Oireachtas 2004. Foilsíodh monagraf leis dar teideal Seosamh Mac Grianna: an Mhéin Rúin (An Clóchomhar, 2002) agus tá roinnt leabhar curtha in eagar aige, orthu sin Éigse Loch Lao 1 (2012) agus Éigse Loch Lao 2 (2013), in éineacht le Séamus Mac Mathúna. Is é an tOllamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad é agus faoi láthair tá sé ag scríobh monagraf Béarla ar an athbheochanas i litríocht na Gaeilge mar chuid de chomhaltacht taighde de chuid an Arts and Humanities Research Council. Ar na hailt is déanaí uaidh tá ‘Pádraig Mac Piarais, Scoil Éanna agus Neamhspleáchas Intleachtúil na hÉireann’ in An Piarsach agus 2016: Briathar, Beart agus Oidhreacht (Cló Iar-Chonnacht, 2016).
Fionntán de Brún is an academic writer from Belfast who has published one collection of short stories and has a novel in progress. His collection of short stories entitled Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta eile (Móinín, 2005) won the Bord na Leabhar Gaeilge prize at the 2004 Oireachtas. An English translation of one of these stories was published in Twisted Truths (Cló Iar-Chonnacht, 2011). He has also published a monograph on the writer Seosamh Mac Grianna, Seosamh Mac Grianna: an Mhéin Rúin (An Clóchomhar, 2002), and has co-edited Éigse Loch Lao 1 (2012) agus Éigse Loch Lao 2 (2013). He is the Professor of Modern Irish at Maynooth University and is currently working on a monograph on Revivalism in Irish literature as part of a fellowship awarded by the Arts and Humanities Research Council. Among his latest articles is ‘Pádraig Mac Piarais, Scoil Éanna agus Neamhspleáchas Intleachtúil na hÉireann’ in An Piarsach agus 2016: Briathar, Beart agus Oidhreacht (Cló Iar-Chonnacht, 2016).