Eoghan Ó Tuairisc
Seánraí: Drámadóir, File, Gearrscéalaí, Úrscéalaí
Tréimhsí mar mhúinteoir aige ach formhór a shaol caite i mbun pinn. Bhuaigh sé an iliomad duaiseanna Oireachtais agus gradam eile. Ar na saothair a thuil clú ar leith dó, bhí na húrscéalta stairiúla L’attaque (1962) agus Dé Luain (1966); na drámaí Cúirt an mheán oíche (1961) agus Fornocht do chonac (1981); véarsdráma, Na mairnéalaigh (1960) agus an cnuasach dánta Lux Aeterna, 1964, ina bhfuil an dán Gaeilge is aitheanta dár chum sé, ‘Aifreann na Marbh’. Aistriúchán ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain is ea The road to Brightcity (1981).
Better known up to 1960 for his writing in English under the name Eugene Watters. His first book was the novel Murder in three moves (Allen Figgis, 1960). He commenced The week-end of Dermot and Grace, a lengthy poem about the Hiroshima bombing, in 1950 and continued its composition up to 1960. It was published by Allen Figgis in 1964. Other works include Sidelines, a diary of poems 1951–1974 (1981), Focus: fifty poems analysed (1972) (with Desmond Egan), Rogha an fhile (1974), and Infinite Variety: Dan Lowry’s music hall 1879–1897 (1975).
Ainm cleite: Eugene Watters
Dáta breithe: 3 Aibreán 1919
Áit bhreithe: Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe
Dáta báis: 24 Lúnasa 1982
Naisc: Beatha ar Ainm.ie »
Scaip an phortráid seo: