Eoghan Ó Tuairisc

Eoghan Ó Tuairisc

Photographer: Bill Doyle

Usage rights: Foras na Gaeilge

Setting: The Olympia Theatre, Dublin

Tréimhsí mar mhúinteoir aige ach formhór a shaol caite i mbun pinn. Bhuaigh sé an iliomad duaiseanna Oireachtais agus gradam eile. Ar na saothair a thuil clú ar leith dó, bhí na húrscéalta stairiúla L’attaque (1962) agus Dé Luain (1966); na drámaí Cúirt an mheán oíche (1961) agus Fornocht do chonac (1981); véarsdráma, Na mairnéalaigh (1960) agus an cnuasach dánta Lux Aeterna, 1964, ina bhfuil an dán Gaeilge is aitheanta dár chum sé, ‘Aifreann na Marbh’. Aistriúchán ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain is ea The road to Brightcity (1981).

Better known up to 1960 for his writing in English under the name Eugene Watters. His first book was the novel Murder in three moves (Allen Figgis, 1960). He commenced The week-end of Dermot and Grace, a lengthy poem about the Hiroshima bombing, in 1950 and continued its composition up to 1960. It was published by Allen Figgis in 1964. Other works include Sidelines, a diary of poems 1951–1974 (1981), Focus: fifty poems analysed (1972) (with Desmond Egan), Rogha an fhile (1974), and Infinite Variety: Dan Lowry’s music hall 1879–1897 (1975).

Pen name: Eugene Watters

Birth date: 3 April 1919

Place of birth: Ballinasloe, Co. Galway

Death date: 24 August 1982

Links: Biography on Ainm.ie »

Share this portrait:

Lasadar na coinnle beannaithe, d'ardaíodar iad, agus le linn don séipeal go na phobal a bheith in aon bhladhm amháin solais, shéanadar an diabhal, a oibreacha agus a uabhar. Ina dhaidh sin dúirt an Misinéir leo na nithe diaga a bhí acu a ardú chun go mbeannódh sé iad.

Thóg an ‘Eascann’ a bhonn amach. Chuaigh Sean-Shiomón ag fuastráil ina phóca ag cuardach a phaidirín. Theagmhaigh a mhéaracha le duáin trí-fhillte an eireabaillín rua. Séideadh an cathú go hobann faoi na chroí. Rug sé greim ar údalán an bhaoite, d’ardaigh amach é, rinne iarracht é a cheilt i mbois a láimhe. Bhraith an ‘Eascú’ glinniúint ón bprás, thug stracfhéachaint air, chonaic na duáin ag sileadh, lig mionn gearr uafáis faoi na anáil. D’ardaigh an Misinéir a lámh os a gcionn go léir, agus trí bhurdún mór-shiollach Laidne do ghuidh sé beannacht na hEaglaise Síorraí ar na pictiúirí naofa agus ar an híomhánna, ar na boinn, ar na paidiríní, ar na scabaill, agus ar an eireabaillín rua cúig-orlach, a dhealbhaigh Sean-Shiomón de Búrca ina thigín cois Suca.

Sliocht as an ngearrscéal 'An Baoite Beannaithe', in Comhar Iml. 19, Uimh. 12 (Nollaig 1960) lgh 4–6, 17.