Eilís Ní Dhúill

Eilís Ní Dhúill

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 14 Iúil 2011

Suíomh: Gaillimh

Is as Ceatharlach ó dhúchas d’Eilís Ní Dhúill. Bhain sí céim sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinis amach in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus tá céim sa mhínealaín aici ó Institiúid na Gaillimhe-Maigh Eo. Bronnadh MA sa Léann Éireannach agus PhD sa Nua-Ghaeilge ar Eilís ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chaith Eilís cúig bliana ag obair le TG4, ceithre bliana mar eagarthóir/stiúrthóir i rannóg na mblaisíní agus bliain amháin mar stiúrthóir le Cúla 4, clár na bpáistí. Mar ábhar taighde, tá suim ag Eilís sa bhéaloideas, sa scéalaíocht agus sa scannánaíocht, go háirithe scannáin ina dtugtar léargas ar litríocht, ar dhrámaíocht agus ar chultúr na nGael. Tá ábhar foilsithe aice sa trí réimse seo. 

Eilís Ní Dhúill is a native of Borris, Co. Carlow. She was awarded a double honours degree in Irish and German from National University of Ireland, Maynooth and she graduated from Galway-Mayo IT with a first class degree in Fine Art. She was also awarded an MA in Irish Studies and a PhD in Nua-Ghaeilge from National University of Ireland, Galway. Eilís spent five years working with TG4, four years as editor/director in the promotions department and one year working with Cúla 4, children’s programming. Eilís’ research interests include storytelling, folklore and film. She has a particular interest in the presentation of Irish-language literature, drama and culture on film and has published in this area.

Dáta breithe: 11 Samhain 1974

Áit bhreithe: An Bhuiríos, Co. Cheatharlach

Scaip an phortráid seo:

Ní bheidh an duine choíche gan scéal agus cuirfidh gach aois a cló féin ar an scéal sin. Ní taise do Ghaeltacht na hÉireann é, mar a raibh ómós agus urraim don scéalaí ina chuid lárnach den tsochaí tráth. Go deimhin, rinneadh idéalú ar theanga agus ar thraidisiún scéalaíochta phobail thraidisiúnta Ghaeilge na hÉireann. Gné thábhachtach d’fhealsúnacht an náisiúnachais a tháinig chun cinn sna blianta deireanacha den naoú haois déag agus sa chéad dá deichniúr den fhichiú haois in Éirinn ab ea an dílseacht do chultúr na nGael. Creideadh gur as teanga faoi leith, an Ghaeilge sa chás áirithe seo, a d’eascair cultúr agus meon faoi leith. D’imir an tuiscint teangeolaíochta seo, agus í préamhaithe i náisiúnachas cultúrtha na hEorpa, tionchar ríthábhachtach ar idé-eolaíocht na nGaeilgeoirí roimh, le linn, agus go deimhin i ndiaidh, Athbheochan na Gaeilge. Rinneadh tráchtearrú ar theanga, ar thírdhreach, ar charachtair agus ar chleachtais chultúrtha phobail thraidisiúnta Ghaeilge. Maireann rian an chur chuige seo go fóill ar léann an bhéaloidis Ghaeilge. Le teacht na nuamheán cumarsáide, tá deis níos fearr ná riamh ag pobail thraidisiúnta Ghaeilge iad féin a chur i láthair ina dtéarmaí tagartha féin.

Ní Dhúill, Eilís. (2015). Cleachtas na Scéalaíochta i gCorca Dhuibhne: Cumadh agus Láithriú na Staire Shóisialta i measc Phobal Traidisiúnta Gaeilge. In: Crosson, S. and Huber, W. Towards 2016: 1916 and Irish Literature, Culture and Society. Trier: WVT Wissenschaftlicher Verlag Trier. 183-202.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00