Éamonn Ó hÓgáin

Éamonn Ó hÓgáin

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 16 Meitheamh 2011

Suíomh: Baile Átha Cliath

Rugadh Éamonn Ó hÓgáin in Dorset Shasana sa bhliain 1937. Ó Mhaigh Coillí, Co. Chill Chainnigh, a thuismitheoirí, Dáithí Ó hÓgáin agus Máire Tirial. D’fhill an teaghlach ar Éirinn agus chuir siad fúthu sa Bhrú, Co. Luimnigh. D’fhreastail sé ar bhunscoil na Gráinsí agus ar bhunscoil na mBráithre de la Salle sa Bhrú agus ar mheánscoil an Oird chéanna in An tOspidéal, Co. Luimnigh. BA sa Ghaeilge agus san Eacnamaíocht aige i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus MA agus Ph. D. i réimsí na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. É faoi anáil Ghaeilge mhuintir Chorca Dhuibhne go mór. Sainstaidéar déanta aige ar stór focal Ghaeilge Chorca Dhuibhne agus ar fhilíocht na Gaeilge san ochtú haois déag. É ina eagarthóir cúnta ar Foclóir Gaeilge-Béarla (1977; eag. Niall Ó Dónaill), ina eagarthóir sinsearach ar leabhair an Ghúim, agus ina eagarthóir ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá sé pósta le Bríd de Grás, céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá cúigear clainne fásta acu — Cúán, Dónall, Ruairí, Máire Aoibhinn agus Fionnán.

Éamonn Ó hÓgáin was born in Dorset, England in 1937 of Irish parents, Dáithí Ó hÓgáin and Máire Tirial, natives of Muckalee parish, Co. Kilkenny. His parents eventually returned to Ireland and settled in Bruff, Co. Limerick. He attended Primary Schools in Grange and Bruff and Secondary School in Hospital, Co. Limerick. He read for a primary degree in University College, Cork and did post-graduate studies (MA and Ph. D.) in University College, Dublin. His academic specialities are the lexicon of West Kerry Irish and eighteen century Irish poetry. He has worked as assistant editor on Foclóir Gaeilge-Béarla (1977; ed. Niall Ó Dónaill), and as senior editor in the Publications Branch, Department of Education, and later as editor of the Historical Dictionary of Modern Irish being compiled in the Royal Irish Academy. He and his wife, Bríd, also a graduate of UCD, live in Dublin. They have five adult children — Cúán, Dónall, Ruairí, Máire Aoibhinn and Fionnán.

Scaip an phortráid seo:

Tá cáil ar Sheán Clárach Mac Dónaill (1691-1754) mar fhile Seacaibíteach. Chreid sé go daingean go raibh ceart le sinsearacht ag rítheaghlach na Stíobhartach ar ‘choróin na dtrí ríochta’ — Sasana, Albain agus Éire. Is sampla maith d’fhile Gaeilge é a raibh comhshamhlú déanta aige ar an Seacaibíteachas mar chuid de shaoithiúlacht na Gaeilge agus den aigne Ghaelach. Sna dánta polaitíochta aige, tá sintéisiú idir leagan amach an tseanchais agus an laochais a bhí sa Ghaeilge siar amach agus ceart na Stíobhartach chun na corónach. Mar tháthú coincréiteach idir an dá ghné tuisceana sin, tá spreagadh ag rith trí na dánta sin aige ó na himeachtaí polaitíochta comhaimseartha a bhain le cabhair mhíleata a bheith á lorg ag na Stíobhartaigh chun teacht ar ais i gcoróin. D’fhairsingigh sé seánra na haislinge ní hamháin i réimse na polaitíochta ach i gcúrsaí grá agus sa chaoineadh chomh maith. Tugann sé a léiriú sainiúil féin i bhfriotal beo meanmnach ar ghnéithe den ré inar mhair sé agus den chaidreamh a chleacht sé lena chomhdhaoine. Nochtann sé chugainn leis ina dhíol trua agus ina sciolladóir gránna araon agus ina fhear a chaoineann a lucht aitheantais go géar agus go sollúnta. Cé go raibh an dóchas agus an spleodar go láidir ann, tagann an duairceas ar barr ó am go chéile ina chuid dánta.

Éamonn Ó hÓgáin, Seán Clárach Mac Dónaill, lch 1 (Field Day Publications/Keough-Naughton Institute for Irish Studies, Baile Átha Cliath, 2011)