Dónall Ó Baoill

Dónall Ó Baoill

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 9 Eanáir 2013

Suíomh: Baile Átha Cliath

Is fear Gaeltachta as Dún na nGall é Dónall P. Ó Baoill. Bhain sé céim BA onóracha amach sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic agus Ardteastas san Oideachas in Ollscoil na Gaillimhe. Bronnadh na céimeanna MA agus Ph. D. sa teangeolaíocht air in Ollscoil Michigan sna Stáit Aontaithe. Bhí sé mar thaighdeoir in Institiúid Teangeolaíochta Éireann ó 1974–1999. Ceapadh mar Ollamh le Gaeilge é agus mar Cheann ar Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste ó 1999–2011. Tá mórán leabhar agus alt scríofa aige ar ghnéithe den teangeolaíocht, de theanga na Gaeilge, den bhéaloideas, de Bhéarla na hÉireann, den stair shóisialta, de mhúineadh na teanga, den dátheangachas agus ar Theanga Chomharthaíochta na mBodhar in Éirinn. Tá ailt scríofa aige ar fhorbairt agus ar phleanáil teanga, ar shochtheangeolaíocht na Gaeilge agus tá eagarthóireacht déanta aige ar na foilseacháin Teanga, The Journal of Celtic Linguistics, Scáthlán agus ar Language and Politics (1–25).

Dónall P. Ó Baoill is a native speaker of Irish from Donegal. He graduated from University College Galway with a BA degree in Irish and Mathematics and a Higher Diploma in Education. He studied linguistics at the University of Michigan, Ann Arbor where he was awarded an MA and Ph. D. He was a researcher in the Linguistics Institute of Ireland 1974–1999 and was appointed Professor of Irish and Head of Irish and Celtic Studies at Queen’s University Belfast 1999–2011. He has published widely in different fields covering such areas as the teaching and learning of Irish, descriptions of Modern Irish dialects, phonology and syntax, language planning and standardisation, bilingualism, language contact, Irish-English, Irish Sign Language, Travellers' Cant, linguistic typology in the languages of Europe, Irish folklore and on various topics within the field of theoretical and applied linguistics. He has edited various publications, Teanga, The Journal of Celtic Linguistics, Scáthlán and Language and Politics (1–25). 

Áit bhreithe: Dún na nGall

Scaip an phortráid seo:

Sampla 1

Cé gur minic daoiní ag caint agus ag cásaíocht fá Ghaeilig Ghaoth Dobhair, agus chan lena moladh i gcónaí é, is beag duine a bhíos ag cur faisnéise fán tseanchas a bhain leis an áit. Agus cha beag méid an tseanchais chéanna. Tá cuid de á scríobh i dtólamh, cuid eile de ina chodladh i lámhscríbhinní Roinn an Bhéaloidis i mBaile Átha Cliath agus lear eile de á iompar thart ag daoiní agus gan caint ar a scríobh go fóill. Seo a leanas na teidil ar shampla beag de mhóriomlán na scéaltaí a cruinníodh ó sheanchaithe as gach cearn den pharóiste: Is léir ó na teidil atá orthu fairsingeacht an ábhair a bhain leo: An Bromaistín Maolodhair; Caisleán Ó Dubhach; Céadach Mac Rí Uladh; Cian an Óir; Croch Bhaile Átha Cliath; Diarmaid agus Gráinne; Feidhlimidh Cam agus Maolmhuire an Bhata Bhuí; Meighreach Mac Colgáin (leagan den scéal Bruíon Chaorthainn); Oisín i ndiaidh na Féinne; Tarlach Tóin Iarann gan Tapadh; Ubhall an hÍce; Uisce an Duinn Duibh sa Domhan Thoir agus Urchar an Daill ar Abhaill.

Is beag nach mar a chéile ag an tseanchas diaga é. Fuairtheas san áit dánta ar bheatha agus ar bhás ár dTiarna (suas le ¾ uaire an ceann ar fad); leaganacha breátha de na dánta diaga seo a leanas. Rí an Luain; Seanmóir na nAithreach Naomh; Oifige Bheag Mhuire; Na Críocha Déanacha. Is cinnte go raibh tionchar láidir ag smaointe na ndánta sin ar an chrot a cuireadh ar roinnt mhaith scéaltaí Dinnsheanchais áit a raibh baint ag creideamh agus neacha neamhshaolta le himeachtaí scéil. Choinnigh an foclóir a bhí i ndánta den tsórt sin umhail dhaoiní ar fhocla agus ar choraí cainte a bhí ag imeacht nó ar shiúl glan as caint na ngnáthdhaoiní. Seo sampla beag as Beatha Ár dTiarna.

Diúltaím feasta do aistí bréige

Agus do mo thocht d’easbhaidh céille,

Bhéarfaidh mé mo chúl le dúil in aoibhneas

Mo chúl le ceol, le hól, le díomhnas;

Bhéarfaidh mé m’aghaidh go brónach, náireach,

Íseal deorach, brónach, cráite,

Ag aithris mo thréithe do Rí na ngrásta

Mar dhúil go bhfuighinn mo mhian agus mo shláinte.

As SCÁTHLÁN 3 (1986, 49).

Sampla 2

Rud eile nár chuidigh le comhthuiscint a chothú do theanga náisiúnta labhartha an bhéim a cuireadh sna hOllscoileanna ar an aonchanúnachas agus amanna fiú amháin ar an fhochanúnachas. Tugadh an oiread glóire don iarracht sin gur scaoileadh scoláirí agus mic léinn i measc na gcainteoirí dúchais ba shine a bhí le fail. Measadh gur leo sin a ba cheart a bheith ag caint – daoine gan oideachas agus gan léamh ná scríobh na teanga. An dream a scaoileadh chun na Mór-roinne níor tugadh treoir ar bith dá leithéid dóibh mar gurbh éigéillí a leithéid a dhéanamh. Tháinig de seo ar fad gur móraíodh canúintí agus fochanúintí na Gaeilge agus gur tugadh stádas dóibh nach samhlófaí lena leithéid áit ar bith eile. D’fhág sin daoine daingean faoina gcuid urlabhra. Measadh gur leor canúint amháin cainte a bheith agat agus dá réir bealach amháin scríbhneoireachta.

Cé go raibh ciall áirithe loighice agus fealsúnachta leis an iarracht seo na haonchanúna maidir le teacht ar chainteoirí maithe Gaeilge, chuir sé éidreoir fosta ar dhearcadh agus ar chleachtadh daoine ina dhaiidh sin. Is ceart cuimhniú air nár cuireadh cainteoirí dúchais le canúint eile a fhoghlaim, rud a thabharfadh léiriú agus dearcadh eile dóibh ar an rud is teanga ann. Is iad lucht foghlama na Gaeilge mar dhara teanga a cuireadh chuig Gaeltacht éigin. Chaith siad sin an oiread dua agus allais ag sealbhú fuaimeanna agus gramadaí agus cora cainte canúna chucu féin nár fhéad siad scaradh leo nó cruth eile a chur orthu riamh ina dhiaidh sin. D’fhág an rud ar fad lorg síceolaíochta orthu, go háirithe foghlaim na teanga labhartha, nach raibh sé de mhisneach acu tabhairt faoi aon fhuaimniú eile dá fheabhas é mar eiseamláir ar fhocal nó ar fhrása éigin. Chuaigh an scéal seo i bhfeidhm agus in ainseal sna cainteoiri dúchais de réir a chéile gur chreid siadsan fosta gurbh fhearr dóibh seasamh ar a gcloch mhór féin agus scairt a chur astu. As sin tháinig an doicheall roimh athrú ar bith mar gurb é an creideamh a bhíothas a chraobhscaoileadh gur ag na cainteoirí a bhí an treis, an dúchas, an ceart.

As AIMSIR ÓG , CUID A DÓ (2000, 130-31)

As SCÁTHLÁN 3 (1986, 49).

As AIMSIR ÓG , CUID A DÓ (2000, 130-31)