Danny Sheehy

Danny Sheehy

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Suíomh: Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí

Saolaíodh Domhnall Mac Síthigh nó Danny an tSíthigh sa bhaile i mBaile Eaglaise in Iarthar Dhuibhneach, Contae Chiarraí agus is ann a mhair sé le beagnach deich mbliana fichead. Tháinig Fan Inti: Naomhóga ó Chorca Dhuibhne go Cábán tSíle óna pheann Nollaig 2003, foilsithe ag Coiscéim; Allagar na gCloch/Stonechat foilsithe ag Púca Press, 2006 agus Súil Seilge le dlúthdhiosca foilsithe ag Coiscéim, 2008. Tá cnuasaigh dánta leis sna leabhair Mil na Ceardlainne (2008), Criathar Meala (2009), agus Mil ina Slaoda (2011) foilsithe ag An Sagart. Bhí turais farraige iomráiteacha curtha de aige ar chóstaí na hÉireann, san Atlantach Thuaidh, cósta thoir na hIodáile agus tríd an Mheánmhuir, oileáin agus cósta thiar na hAlban, agus an turas farraige iomráiteach, Iomramh Bhréanainn 2011. Bhíodh sé le clos go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag caint ar a chuid eachtraíochta ar muir is ar tír, ar bhéaloideas is ar sheanchas áitiúil agus ag déanamh léirmheastóireachta ar leabhair nuafhoilsithe. Scríobhadh sé agus léadh sé míreanna don Briathar Beo ar Raidió a hAon. Ghnóthaigh sé duaiseanna Oireachtais sna comórtais scéalaíochta, dreas cainte agus sa bhfilíocht. Fuair sé bás go tragóideach ar an 9 Meitheamh 2017 le linn dó a bheith ag leanúint le turas naomhóige a bhí críochnaithe aige i 2016 ar Camino an tSáile ón Daingean go dtí Santiago de Compostella.

The poet Danny Sheehy was born in West Kerry and lived there for thirty years. Coiscéim published Fan Inti: Naomhóga ó Chorca Dhuibhne go Cábán tSíle in 2003, and his first collection of poetry, Súil Seilge, with a CD recording in 2008. His other works include Allagar na gCloch/Stonechat (Púca Press, 2006), and his poetry appears in the following collections published by An Sagart: Mil na Ceardlainne (2008), Criathar Meala (2009), and Mil ina Slaoda (2011). He undertook impressive sea journeys around the Irish Coast, in the North Atlantic, on the east coast of Italy and through the Mediterranean, along the islands of Scotland and, more recently, in 2011, he undertook Brendan's Voyage. He was often to be heard on RTÉ Raidió na Gaeltachta describing his journeys by land and sea, as well as folklore and local knowledge, and reviewing newly-published books. He wrote regularly for Briathar Beo on RTÉ Radio 1. He had won prizes at the Oireachtas for poetry and storytelling. He died tragically on 9 June 2017 while continuing a journey completed in 2016 by naomhóg from Dingle to Santiago de Compostella.

Dáta breithe: 1951

Áit bhreithe: Baile Eaglaise, Co. Chiarraí

Dáta báis: 10 Meitheamh 2017

Naisc: Beatha ar Ainm.ie »

Scaip an phortráid seo:

Faoiseamh Faoistine

Tair liom agus bí liom
Taobh le taobh, cois ar chois
Le faobhar na faille siar.
Féach agus feicfir
Radharc úr na súl flúirseach,
Oscail poll balbh na cluaise,
Éist go géar le fothram mara,
Cloisir glórtha ó dhoimhneas uisce.
Fiafrófar duit, labhair agus freagair,
Oscail do mheabhair do radharc tíre.

Tair liom agus fan liom
Taobh na faille suas in airde
Ar scroilleach garbh Chinn Sratha,
Marcaigh tamall ar shrathar tíre,
Tabhair spoir do shrianta bréithre
Siar síos go híor na spéire,
Túirling tamall agus clois arís
Focail mholta ó mhuir na sinsearachta.

Tair liom agus fan faram
Taobh choróin na Gráige thairis,
Tabhair fén gcruach in airde,
Ardaigh díot do chaipín ceoigh,
Lasfar duit do mhianta dorchadais,
Súfar uait éad agus formad,
Brón agus buairt agus crá croí.

Buail liom agus tair liom
Mac nó iníon nó leannán tí,
Athair, máthair, deartháir nó deirfiúr,
Duine gaolmhar nó comharsa suaite
Dein t'fhaoistin ag Barra Cruaiche,
Abair do rún leis an Triúr Deirfiúr,
Le Ceann Sibéal agus Bréanainn thall,
Samhlófar duit Conn Crithir ina shuan,
Chífir greanta sloinnte ársa,
Dealbhaithe ag ealaíontóirí ábalta
D'fhuil Normannach agus tréithe Gael,
Firtéarach imirceach i bhfad i gcéin,
Muircheartach macánta láimh le loch.

Siúl go réidh agus scaoil le do rún
Ar fuaid na sléibhte i radharc do mhuintire,
Tair liom agus dein t'fhaoistin
Agus gheobhair ansúd faoiseamh aigne,
Fuasclófar tú ó dhúrdhorchadas
A seolfar chun siúil an cuan amach.

Téir arís id aonar seal
Le faobhar na faille siar,
Éist go héadrom agus labhair os íseal
Le clocha, carraigreacha agus faoileáin mhara;
Dein t'fhaoistin agus geobhair faoiseamh,
Ach fill thar n-ais ar do mhuintir féinig,
Agus geobhair athuair go flúirseach fáilteach
Croí agus muintearas agus éisteacht bhuan.

Súil Seilge le Domhnall Mac Síthigh (Coiscéim, 2007), lch 7.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00