Dairena Ní Chinnéide

Dairena Ní Chinnéide

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 14 Meán Fómhair 2011

Suíomh: Co. Chiarraí

I measc a naoi gcnuasach filíochta foilsithe go dáta ag Dairena tá An Trodaí & Dánta Eile/The Warrior & other Poems (Cló Iar-Chonnacht, 2006), Poll na mBabies (Coiscéim, 2008), Cloithear: Aistear Anama (Coiscéim, 2013), Labhraíonn Fungie/Fungie Speaks (Ponc Press, 2015). Tá dánta léi foilsithe in irisí in Éirinn agus thar lear. Ina measc: The Irish Times, Poetry International, Southword, Comhar, Feasta, Percutio, The Stinging Fly, The Trumpet, Poetry India. Craoladh dhá dhráma raidio dá cuid ar RTÉ. Is iomaí stáitse gairmiúil féna cosa ó Éirinn go Meiriceá: IMRAM, Féile an Earagail, Féile na Bealtaine, Féile Bheag Filíochta, Electric Picnic, Spirit of Folk Festival, West Cork Literary Festival, Cúirt, Ó Bhéal, Centre Culturel Irlandais, Páras, Litterheuset Oslo, American University (AU), Washington D. C., AWP, Bostún, srl. D'aistrigh sí bailiúchán de shaothar an bhanfhile Marina Tsvetaeva ón Rúisís le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus IMRAM. I measc na ngradam atá buaite aici tá an Patrick & Katherine Fellowship in 2016. Iarchraoltóir agus iriseoir í agus bhí sí ina bainisteoir stiúrtha ar an gcomhlacht scannánaíochta Smerbhic Teo. agus d'oibrigh mar ateangaire i bParlaimint na hEorpa.

Dairena Ní Chinnéide writes in Irish and English and translates her own work. Among her nine publications to date are An Trodaí & Dánta Eile/The Warrior & Other Poems (Cló Iar-Chonnacht, 2006), Poll na mBabies (Coiscéim, 2008) and Cloithear: Aistear Anama (Coiscéim, 2013), Labhraíonn Fungie/Fungie Speaks (Ponc Press, 2015). Her poetry and flashfiction has appeared in many literary magazines including The Irish Times, Poetry International, Southword, Comhar, Feasta, Percutio, The Stinging Fly, The Trumpet, Poetry India. Two of her radio plays were broadcast on RTÉ. She has performed nationally and internationally, at Electric Picnic, West Cork Literary Festival, Cúirt, IMRAM, Ó Bhéal, Féile Bheag Filíochta, Féile na Bealtaine, Féile an Eargail, Centre Culturel Irlandais, Paris, Litterheuset, Oslo, American University, Washington D. C., AWP, Boston, Elms College MA. Among her recent awards are Books Ireland/Irish Writer's Centre/ IMRAM Flashfiction competition, Ealaín na Gaeltachta Bursary, and the Patrick and Katherine Kavanagh Fellowship. A former broadcast journalist, she was managing director of television production company Smerbhic Teo. and worked as an interpreter at the European Parliament. She lives in Corca Dhuibhne.

Dáta breithe: 20 Lúnasa 1969

Áit bhreithe: Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí

Naisc: Suíomh an scríbhneora »

Scaip an phortráid seo:

An Lá a Sciobadh na Blascaoidí


Dá sciobfaí ón bhfarraige iad
maidin éigin geimhriúil, de gheit,
ba chailliúint anama a neamhláithreacht;

an fhaid idir mé is íor na spéire
mantach gan a bpúcaí scéirdiúla
ceilte sna stuaiceanna fíochmhara;

mar a bheadh clocha ar mo phaidirín
in eaglais fairsing an nádúir
Dia i bhfolach fé cheobhrán mara;

imeallach, ar mo chuma fhéin
ina dtearmann tríthoiseach
ar thaoide na cinniúna.

Fé Gheasa (filiocht neamhfhoilsithe)

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00