Celia de Fréine
Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín
Cead úsáide: Foras na Gaeilge
Dáta: 21 Feabhra 2011
Suíomh: Raghnallach, Baile Átha Cliath
Seánraí: Aistritheoir, Drámadóir, File, Scríbhneoir scripte, Leabhrógaí
Is file, drámadóir, scriptscríbhneoir, aistritheoir agus leabhrógaí í Celia de Fréine a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla. I measc na ngradam atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). Ocht gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo. Is iad cuir amach seo dom: riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) agus A lesson in Can't (Scotus Press, 2014) na leabhair is deireanaí óna peann. Tá go leor duaiseanna Oireachtais buaite ag a cuid drámaí a bhíonn á stáitsiú go rialta.
Celia de Fréine is a poet, playwright, screenwriter, translator and librettist who writes in Irish and English. Awards for her poetry include the Patrick Kavanagh Award (1994) and Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). She has published eight poetry collections to date, of which cuir amach seo dom: riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) and A lesson in Can't (Scotus Press, 2014) are her most recent. Her plays have won many Oireachtas awards and are staged regularly.
Áit bhreithe: Baile Nua na hArda, Co. an Dúin
Naisc: Suíomh an scríbhneora »
Scaip an phortráid seo:cailís mo chuid fola
Dá mbeadh a fhios agam
agus sinn ag súgradh sa chlós
nárbh ionann m’fhuilse
is fuil na ngirseach eile
go raibh mo chorpsa
fós á chothú ag fuil iasachta
d’fhéadfainn guí
go sciobfaí uaim an chailís seo
d’fhéadfainn a ghealladh dom féin
sula dtitfinn i ngrá
go meallfainn mo rogha fir
trí ghréasán an ospidéil
chun a fháil amach ar fheil muid dá chéile
is nuair nár fheil
d’fhéadfainn impí ar Hymenaeus
gan mé a threorú chun na bainise
d’fhéadfainn achainí air
a thóirse a mhúchadh
a fhir is a mhná dána a chur chun siúil
an fheis a chur ar ceal.
Ach fiú dá mbeadh a fhios agam é
táim dearfa go ndéarfainn
tabhair dom mo ghasúir
tabhair dom mo ghasúir ar ais nó ar éigean.
Celia de Fréine, Fiacha Fola, lch 13 (Cló Iar-Chonnachta, 2004)
Éist leis an sliocht á léamh