Celia de Fréine

Celia de Fréine

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 21 February 2011

Setting: Ranelagh, Dublin

Is file, drámadóir, scriptscríbhneoir, aistritheoir agus leabhrógaí í Celia de Fréine a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla. I measc na ngradam atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). Ocht gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo. Is iad cuir amach seo dom: riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) agus A lesson in Can't (Scotus Press, 2014) na leabhair is deireanaí óna peann. Tá go leor duaiseanna Oireachtais buaite ag a cuid drámaí a bhíonn á stáitsiú go rialta.

Celia de Fréine is a poet, playwright, screenwriter, translator and librettist who writes in Irish and English. Awards for her poetry include the Patrick Kavanagh Award (1994) and Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). She has published eight poetry collections to date, of which cuir amach seo dom: riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) and A lesson in Can't (Scotus Press, 2014) are her most recent. Her plays have won many Oireachtas awards and are staged regularly.

Place of birth: Newtownards, Co. Down

Links: Writer website »

Share this portrait:

cailís mo chuid fola


Dá mbeadh a fhios agam
agus sinn ag súgradh sa chlós

nárbh ionann m’fhuilse
is fuil na ngirseach eile

go raibh mo chorpsa
fós á chothú ag fuil iasachta

d’fhéadfainn guí
go sciobfaí uaim an chailís seo

d’fhéadfainn a ghealladh dom féin
sula dtitfinn i ngrá

go meallfainn mo rogha fir
trí ghréasán an ospidéil

chun a fháil amach ar fheil muid dá chéile
is nuair nár fheil

d’fhéadfainn impí ar Hymenaeus
gan mé a threorú chun na bainise

d’fhéadfainn achainí air
a thóirse a mhúchadh

a fhir is a mhná dána a chur chun siúil
an fheis a chur ar ceal.

Ach fiú dá mbeadh a fhios agam é
táim dearfa go ndéarfainn

tabhair dom mo ghasúir
tabhair dom mo ghasúir ar ais nó ar éigean.

Celia de Fréine, Fiacha Fola, lch 13 (Cló Iar-Chonnachta, 2004)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00