Ceaití Ní Bheildiúin

Ceaití Ní Bheildiúin

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 14 Meán Fómhair 2011

Suíomh: An Chlais, Co. Chiarraí

Seánraí: Drámadóir, File

Tá trí chnuasach filíochta de chuid Cheaití foilsithe ag Coiscéim: Meirge an Laoich, Púca Gan Dealramh, An Teorainn Bheo. Chaith an file tréimhse ina scríbhneoir cónaitheach faoi scéim Ealaíontóir Cónaitheach Harry Clarke 2008 - 2009, sa Díseart, An Daingean, Co. Chiarraí, agus bhí sí gníomhach mar bhall de choiste An Fhéile Bheag Filíochta, féile bhliantúil dhátheangach i gCorca Dhuibhne, 2008–2015. Shaothraigh sí mar eagarthóir don leabhar sainiúil An Chraobh Óir: Festschrift don Ollamh, obair lámhdéanta in ómós don Mhonsignor Pádraig Ó Fiannachta (IMRAM 2011); agus bhí sí mar eagarthóir ar Crú Capaill: Dánta Mháirín Feirtéar (An Sagart, 2013). Léiríodh dhá ghearrdhráma óna peann in amharclann an LAB sa Daingean — Triúr (2013) agus Port na Mammies (2010). Mar thacaíocht dá cuid scríbhneoireachta, bronnadh sparánachtaí uirthi — Ealaín na Gaeltachta (2014), an Chomhairle Ealaíon (2010). Tá Duais Fhoras na Gaeilge 2015 i measc na ngradam a ghnóthaigh a dánta.

Three volumes of Ceaití’s poems have been published by Coiscéim: Meirge an Laoich, Púca Gan Dealramh, An Teorainn Bheo. She was writer-in-residence at the Díseart in Dingle, 2008-2009, and an active member of the Féile Bheag Filíochta committee, 2008–2015. She edited the uniquely handcrafted book of poetry in honour of Monsignor Pádraig Ó Fiannachta, An Chraobh Óir: Festscrift don Ollamh (IMRAM, 2011); and was editor of Crú Capaill: Dánta Mháirín Feirtéar (An Sagart, 2013). Two short dramas written by Ceaití have been successfully staged at the LAB theatre, Dingle. In support of her writing she was awarded a bursary by Ealaín na Gaeltachta (2014) and one by The Arts Council (2010). Duais Fhoras na Gaeilge 2015 is among the awards she has received for her poetry.

Dáta breithe: 1958

Áit bhreithe: An Ros, Co. Bhaile Átha Cliath

Scaip an phortráid seo:

An Leanbh Faoi Do Leaba


Cé hé an leanbh faoi do leaba?
Shnámh a lapa amach inné
ag tarraingt ar mo sciorta.
Aréir chonac mogaill a shúl

ag gliúcaíocht orm,
a bheola ramhra craoraca ina mbreill
is a theanga ataithe sáite tríothu.
Chuala friotal a bhéil ar maidin
is faighim boladh bréan a chlúidín anois.

An é do leanbhsa é?
Nó an é mo leanbhsa,
a sciob lámh fhada
fhia-chailleach Bull Bhalbhae
nuair a shín sí a lámh
anuas tríd an simné?

An leanbh suirí
nó leanbh leasa é?
An leanbh do bhrionglóide é
nó leanbh mo bhrionglóidse?

Is cuma sa diabhal.
Cuir bríste air is léine,
nó gúna is ribíní.
Cuirfimid sa phram é
go rianóimid ár slí
amach sa tsaol le chéile.
Léireoimid na hiontaisí dó.

Ceaití Ní Bheildiúin, lch 18, Meirge an Laoich (Coiscéim, 2013)