Caoimhín Mac Giolla Léith
Seánraí: Aistritheoir, Criticeoir, Eagarthóir, Léirmheastóir, Scríbhneoir acadúil
Is Ollamh Comhlach é Caoimhín Mac Giolla Léith i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá mórán foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge agus ar an ealaín chomhaimseartha. D’fhoilsigh Cumann na Scríbheann nGaedhilge (Irish Texts Society) a eagrán den scéal meán-aoiseach Oidheadh Chloinne hUisneach sa bhliain 1993. Is leis an nualitríocht is mó atá dua caite aige le breis is scór bliain anuas, áfach, chomh maith le cúrsaí ealaíne.
Bhí sé ina eagarthóir nó ina chomheagarthóir ar na cnuasaigh seo a leanas d’aistí critice: Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin (Coiscéim, 1993), Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (Cló Iar-Chonnacht, 2012) agus Mo Ghnósa Leas an Dáin: Aistí in Ómós do Mháirtín Ó Direáin (An Sagart, 2014). Foilseofar rogha aistí dá chuid féin go luath dar teideal Raon na Geite: Aistí ar an Nuafhilíocht (Coiscéim, 2018). Tá cúpla céad alt foilsithe aige ar an ealaín chomhaimseartha idirnáisiúnta, agus leaganacha d’ailt éagsúla díobh seo i gcló i mbreis agus dosaen teanga iasachta. Tá cnuasach dá chuid aistí critice ar an ábhar seo, dar teideal At Some Remove, á ullmhú aige faoi láthair. Ba thionsnamh pearsanta leanúnach dá chuid féin é le fada Béarla a chur ar dhánta Gaeilge ina gcuireann sé spéis ar leith. Foilsíodh cuid de na haistriúcháin seo ó thráth go chéile thall is abhus.
Caoimhín Mac Giolla Léith is an Associate Professor in the School of Irish, Celtic Studies and Folklore at University College Dublin. He has published extensively on various aspects of literature in Irish and on contemporary art. His edition of the late medieval Irish tale Oidheadh Chloinne hUisneach (‘The Death of the Children of Uisneach’) was published by the Irish Texts Society in 1993. For the past two decades, however, his critical writing has largely concentrated on modern literature in Irish and on contemporary art.
He has edited or co-edited the following volumes of literary criticism: Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin (Coiscéim, 1993), Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (Cló Iar-Chonnacht, 2012) and Mo Ghnósa Leas an Dáin: Aistí in Ómós do Mháirtín Ó Direáin (An Sagart, 2014). A collection of his own critical essays on modern poetry in Irish is forthcoming: Raon na Geite: Aistí ar an Nuafhilíocht (Coiscéim, 2018). He has also published several hundred articles on contemporary art and has been translated into over a dozen languages. A personal project he has pursued intermittently over the years is the translation into English of various poems
in Irish he finds particulary compelling. Some of these translations have been published here and there over the years.