Caoimhín Mac Giolla Léith

Caoimhín Mac Giolla Léith

Photographer: Bill Doyle

Usage rights: Foras na Gaeilge

Setting: St Stephen's Green, Dublin

Is Ollamh Comhlach é Caoimhín Mac Giolla Léith i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá mórán foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge agus ar an ealaín chomhaimseartha. D’fhoilsigh Cumann na Scríbheann nGaedhilge (Irish Texts Society) a eagrán den scéal meán-aoiseach Oidheadh Chloinne hUisneach sa bhliain 1993. Is leis an nualitríocht is mó atá dua caite aige le breis is scór bliain anuas, áfach, chomh maith le cúrsaí ealaíne.

Bhí sé ina eagarthóir nó ina chomheagarthóir ar na cnuasaigh seo a leanas d’aistí critice: Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin (Coiscéim, 1993), Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (Cló Iar-Chonnacht, 2012) agus Mo Ghnósa Leas an Dáin: Aistí in Ómós do Mháirtín Ó Direáin (An Sagart, 2014). Foilseofar rogha aistí dá chuid féin go luath dar teideal Raon na Geite: Aistí ar an Nuafhilíocht (Coiscéim, 2018). Tá cúpla céad alt foilsithe aige ar an ealaín chomhaimseartha idirnáisiúnta, agus leaganacha d’ailt éagsúla díobh seo i gcló i mbreis agus dosaen teanga iasachta. Tá cnuasach dá chuid aistí critice ar an ábhar seo, dar teideal At Some Remove, á ullmhú aige faoi láthair. Ba thionsnamh pearsanta leanúnach dá chuid féin é le fada Béarla a chur ar dhánta Gaeilge ina gcuireann sé spéis ar leith. Foilsíodh cuid de na haistriúcháin seo ó thráth go chéile thall is abhus.

Caoimhín Mac Giolla Léith is an Associate Professor in the School of Irish, Celtic Studies and Folklore at University College Dublin. He has published extensively on various aspects of literature in Irish and on contemporary art. His edition of the late medieval Irish tale Oidheadh Chloinne hUisneach (‘The Death of the Children of Uisneach’) was published by the Irish Texts Society in 1993. For the past two decades, however, his critical writing has largely concentrated on modern literature in Irish and on contemporary art.

He has edited or co-edited the following volumes of literary criticism: Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin (Coiscéim, 1993), Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (Cló Iar-Chonnacht, 2012) and Mo Ghnósa Leas an Dáin: Aistí in Ómós do Mháirtín Ó Direáin (An Sagart, 2014). A collection of his own critical essays on modern poetry in Irish is forthcoming: Raon na Geite: Aistí ar an Nuafhilíocht (Coiscéim, 2018). He has also published several hundred articles on contemporary art and has been translated into over a dozen languages. A personal project he has pursued intermittently over the years is the translation into English of various poems
in Irish he finds particulary compelling. Some of these translations have been published here and there over the years.

Birth date: 3 June 1959

Place of birth: Co. Dublin

Share this portrait:

In An Béal Bocht baineann Myles na gCopaleen leas scigiúil chomh minic sin as mantra clúiteach Thomáis Uí Chriomhthainn — ‘Ní bheidh a leithéid arís ann’ — gur gá dó scaití dul i dtuilleamaí malairt friotail, m.sh. ‘Is cinnte nach mbeidh a samhailt arís ann’ nó ‘[bhí] mórán ina mbeatha i gCorca Dhorcha nach raibh a macasamhail le fáil in aon áit eile’, agus mar sin de. Is é íoróin uafar An Béal Bocht ó thús deireadh, áfach, go mbeidh a leithéid arís ann. Go deimhin, is éard a chiallaíonn loighic dhiablaí dho-éalaithe an scéil trí chéile nach mbeidh ach a leithéid arís ann. Ar deireadh thiar, ní hé tráma an athraithe ina saol traidisiúnta is cás le muintir Chorca Dhorcha ach a mhalairt glan, mar atá uafás an easpa athruithe. Ní hé dúshlán na difríochta agus na nuaíochta a ghoilleann orthu, ach cruachás na céannachta síoraí. ‘Tháinig mí nua dárbh ainm Márta ar an saol’ adeirtear linn go searúsach ag pointe amháin sa scéal, ainneoin gur léir nach bhfuil nuaíocht dá laghad ag roinnt leis, mar mhí. Cloisimid macalla anseo de ghuth traochta Samuel Beckett ina úrscéal seisean Murphy, a foilsíodh ceithre bliana roimh An mBéal Bocht: ‘The sun shone, having no alternative, on the nothing new’, a chasadh gruama féin á bhaint ag Beckett as véarsaí Ecclesiastes dhá mhíle bliain roimhe sin arís: ‘An rud a bhí ann roimhe beidh arís; an rud a rinneadh cheana déanfar arís. Níl rud ar bith nua faoin ngréin.’

(Sliocht as Caoimhín Mac Giolla Léith, ‘An Béal Bocht (1941)’ in Ronan Doherty, Brian Ó Conchubhair agus Philip O'Leary (eag.), Úrscéalta na Gaeilge (An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht 2018), 65-6. Tá eagarthóireacht éadrom déanta ar an sliocht seo ar mhaithe le soléiteacht.)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00