Caitríona Ní Mhurchú
Seánraí: Drámadóir, Scríbhneoir scripte, Scríbhneoir don aos óg, Úrscéalaí
Is aisteoir agus scríbhneoir í Caitríona. Tá scríofa aici go forleathan do chláracha teilifíse do leanaí agus tá leabhair do pháistí léi foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, O’Brien Press agus Cló Mhuigh Eo. Ghnóthaigh sí duais ag an Oireachtas dá cuid scríbhneoireachta agus ainmníodh a céad leabhar, Ó Lúibíní Lú, do dhuais Glen Dimplex. Bhain a céad dráma don raidió, Momento Mori, duais PJ O'Connor amach is craoladh ar RTÉ é dá bharr, agus bhain an darna dráma raidió aici, An Chanáil, an gearrliosta amach. Chuir sí scéal Chekov, The Party, in oiriúint don stáitse agus fuair a céad bunsaothar don stáitse, Eating Seals & Seagull’s Eggs — bunaithe ar shaol agus shaothar Pheig Sayers — moladh mór ó na léirmheastóirí ag Edinburgh Fringe. Tá scríofa aici freisin do Fair City. Tá duaiseanna buaite ag Caitríona dá cuid aisteoireachta — Irish Times; Fringe First; Herald Angel; OBIE; Dráma Nua is fearr; Ban-Aisteoir is fearr; — agus tá oibrithe aici go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá sí le clos go rialta ar an raidió agus tá sí le feiscint ar an teilifís freisin — RTÉ, TG4, BBC, BBC NI.
Caitríona is an actor and writer. She has written extensively for children’s television and her children’s books have been published by Cló Iar-Chonnacht, O’Brien Press and Cló Mhuigh Eo. She has been an Oireachtas award-winner and her first book, Ó Lúibíní Lú, was nominated for a Glen Dimplex Award. Her first radio play, Momento Mori. was a PJ O'Connor award-winner and broadcast on RTÉ Radio Drama, and her second, An Chanáil, was shortlisted. She has adapted works for the stage and her first original work, Eating Seals and Seagull’s Eggs, played Edinburgh Fringe to critical acclaim. She has also been a storyline writer for Fair City. Caitríona is an award-winning actor — Irish Times Nominations for Best Production, Best Supporting Actor; Fringe First; Herald Angel; OBIE; Best New Play; Best Female Performer; — and she has worked nationally and internationally. Caitríona is also a regular performer on Radio Drama and has made numerous appearences on television — RTÉ, TG4, BBC, BBC NI.