Caitríona Ní Mhurchú

Caitríona Ní Mhurchú

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 17 October 2012

Setting: Blackrock, Co. Dublin

Is aisteoir agus scríbhneoir í Caitríona. Tá scríofa aici go forleathan do chláracha teilifíse do leanaí agus tá leabhair do pháistí léi foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, O’Brien Press agus Cló Mhuigh Eo. Ghnóthaigh sí duais ag an Oireachtas dá cuid scríbhneoireachta agus ainmníodh a céad leabhar, Ó Lúibíní Lú, do dhuais Glen Dimplex. Bhain a céad dráma don raidió, Momento Mori, duais PJ O'Connor amach is craoladh ar RTÉ é dá bharr, agus bhain an darna dráma raidió aici, An Chanáil, an gearrliosta amach. Chuir sí scéal Chekov, The Party, in oiriúint don stáitse agus fuair a céad bunsaothar don stáitse, Eating Seals & Seagull’s Eggs — bunaithe ar shaol agus shaothar Pheig Sayers — moladh mór ó na léirmheastóirí ag Edinburgh Fringe. Tá scríofa aici freisin do Fair City. Tá duaiseanna buaite ag Caitríona dá cuid aisteoireachta — Irish Times; Fringe First; Herald Angel; OBIE; Dráma Nua is fearr; Ban-Aisteoir is fearr; — agus tá oibrithe aici go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá sí le clos go rialta ar an raidió agus tá sí le feiscint ar an teilifís freisin — RTÉ, TG4, BBC, BBC NI.

Caitríona is an actor and writer. She has written extensively for children’s television and her children’s books have been published by Cló Iar-Chonnacht, O’Brien Press and Cló Mhuigh Eo. She has been an Oireachtas award-winner and her first book, Ó Lúibíní Lú, was nominated for a Glen Dimplex Award. Her first radio play, Momento Mori. was a PJ O'Connor award-winner and broadcast on RTÉ Radio Drama, and her second, An Chanáil, was shortlisted. She has adapted works for the stage and her first original work, Eating Seals and Seagull’s Eggs, played Edinburgh Fringe to critical acclaim. She has also been a storyline writer for Fair City. Caitríona is an award-winning actor — Irish Times Nominations for Best Production, Best Supporting Actor; Fringe First; Herald Angel; OBIE; Best New Play; Best Female Performer; — and she has worked nationally and internationally. Caitríona is also a regular performer on Radio Drama and has made numerous appearences on television — RTÉ, TG4, BBC, BBC NI.

Links: Writer website »

Share this portrait:

Ó lúibíní! Ní deas an rud fanacht ar dhraoi olc lofa teacht tríd an doras. Le gach gíog agus fuaim a chuala mé, ba bheag nár léim mé as mo chraiceann.

‘Tóg go bog é, a Rósmáire. Scaoil tharat an eagla. Ní haon chabhair duit anseo é!”, arsa Ailill liom.

Is furasta dó siúd é sin a rá. Is sióg é. Agus tá draíocht aige. Agus tá sé an-sean. Agus ní mian le Cailitín eisean a chloí. Is mian leis mise a chloí. Agus ní sióg cheart mé. Agus níl aon draíocht agam. Bhuel, níl go fóill, pé scéal é.

D’fhanamar uaireanta fada an chloig ag feitheamh ar Chailitín. Ní raibh mórán cainte eadrainn. Bhí Ailill ag siúl suas agus síos an seomra. Ach bhí tuirse ag teacht ormsa. Agus bhí sé deacair orm fanacht i mo dhúiseacht. Caithfidh sé gur thit mé i mo chodladh mar is é an chéad rud eile is cuimhin liom ná Cailitín ag briseadh trí bhalla le Daideo faoina ascaill aige. Ní fhaca mé rud chomh gránna le Cailitín riamh. Bhí a fhios agam go raibh na Fomhóraigh gránna ach níor cheap mé go raibh siad chomh gránna sin. Agus bhí sé chomh h-ard sin. Caithfidh go raibh sé ar a laghad ocht dtroithe in airde.

‘An bhfuil sibh á lorg seo?’ arsa Cailitín agus é ag taispeáint an Lia Fáil dúinn. Bhí sé aige ina láimh. Ní raibh aon seans againn é a fháil uaidh. Agus bhí Daideo aige. Bhí sé seo uafásach! Bhí sé i bhfad Éireann níos measa ná mar a cheap mé go mbeadh.

Caitríona Ní Mhurchú, sliocht as Cailitín lch 89-90, an dara leabhar sa tsraith Rósmáire (Cló Iar-Chonnacht, 2006)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00