Brian Ó Baoill

Brian Ó Baoill

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 12 Iúil 2011

Suíomh: Teach Mór, Indreabhán

Rugadh i 1929, Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin. Chónaigh i Londain agus sa Mhí ina óige. Phós Beti Jones, as an Bhreatain Bheag, 1964. Triúr páistí, Ruairí, Niamh agus Dara. Spreagtha ag easpa leabhair Ghaeilge do pháistí, scríobh sé An Bealach Rúnda, scéal agus amhráin, 1969. 1965–2016 foilsíodh 27 leabhar dá chuid: leabhair do pháistí (péire acu le hOisín Ó hEartáin, garmhac), leabhair d’fhoghlaimeoirí fásta agus do dhéagóirí, úrscéalta, drámaí, filíocht, leabhair thaistil agus aistriúcháin ón Bhreatnais. Déanann léaráidí do chuid dá leabhair. Bhain duaiseanna litríochta amach ag Mod na hAlban, ag Oireachtas Gaeilge Cheanada, agus mórán ag Oireachtas na Gaeilge. Bronnadh Gradam Liteartha an Oireachtais air in 2011. Tráth ina Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge i Londain, agus ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha in Éirinn. Páirteach i bhfeachtas Chonradh na Gaeilge do theilifís Ghaeilge, 1985. Chaith seal i bpríosún. Cuntasóir cáilithe. D’oibrigh leis an mBanc Ibeirneach, Baile Mhic Andáin, ansin le Unilever agus Plessey i Sasana, Rio Tinto i gCeanada, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael Linn, Údarás na Gaeltachta, TG4. D’aistrigh cláracha teilifíse.

Born 1929, Ballaghadereen, Co. Roscommon. Lived in London and Meath. Married Beti Jones, from Wales, 1964. Three children, Ruairí, Niamh and Dara. Lack of children’s books in Irish prompted him to write. He wrote An Bealach Rúnda, story and songs, 1969. 1965–2016, 27 books of his published. Children’s books, two of which with grandson Oisín Ó hEartáin, adult learners’ books, also novels, plays, poetry, travel books, teenagers’ books and translations from Welsh. He illustrates some of his books. Has won literary prizes in Scottish Mod, in Oireachtas Gaeilge Cheanada and very many in Oireachtas na Gaeilge. Presented with Gradam Liteartha an Oireachtas in 2011. Spent periods as Rúnaí of Conradh na Gaeilge in London, and on Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge in Ireland. Active in Gaelic League’s campaign for Irish Television. Spent time in prison. Qualified accountant, worked in Hibernian Bank, Thomastown, then Unilever and Plessey in London, Rio Tinto in Canada, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael Linn, Údarás na Gaeltachta and TG4. Translated television programmes into Irish.

Dáta breithe: 1929

Áit bhreithe: Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin

Scaip an phortráid seo:

Sliocht as Pátrún na Sailí

Dúirt mé leis:

‘Nach aoibhinn, iontach, an saol nuair a bhíonn sé líonta le grá. Cuireann an grá loinnir ar gach aon ní. Lig don chiúnas atá i mo chroí cuid den loinnir a sheoladh go dtí do chroí-se.’

Lá amháin, agus muid ina ár suí mar ba nós linn, faoin chrann úll, an ghrian ag taitneamh anuas orainn tríd na duilleoga agus bolaithe milse na mbláthanna á n-iompar ar an aer chugainn, thug mé faoi deara go raibh Siang an-chúin.

Bhí sé tar éis amhrán a chasadh agus tionlacan a dhéanamh ar an sanxian.

‘Taispeáin dom an cosán

Go crithloinnir na gealaí

Ar chlár an chuain.

Áilleacht an tuar ceatha

Gan breith agam uirthi,

Ag imeacht uaim

Éadóchas buan,

Mo chuimhní faoi aoibhneas,

Níl iontu anois,

Ach gruaim.’

‘Líonann do dhánta mo chroí, a Shiang, ach tá an t-amhrán sin, cé go bhfuil sé an-álainn ar fad, an-bhrónach,’ arsa mise agus bhreathnaigh mé air. Chuir sé an sanxian síos ina luí i gcoinne an chrainn, agus sheas sé féin, a chúl leis an gcrann, a shúile móra donna dírithe orm.

Brian Ó Baoill, Lgh24-25, Pátrún na Sailí (Coiscéim, 2016) 

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00