Breandán Ó hEithir

Breandán Ó hEithir

Grianghrafadóir: Bill Doyle

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

D'oibrigh sé mar eagarthóir le Sáirséal agus Dill agus le Comhar; mar Eagarthóir na Gaeilge le Scéala Éireann; mar cholúnaí, mar chraoltóir agus mar scriptscríbheoir raidió, teilifíse agus scannán. Bhuaigh a úrscéal Lig Sinn i gCathú príomhdhuais an Oireachtais in 1975. Ar a shaothair eile bhí úrscéal, Sionnach ar mo Dhuán (1988); a léacht ‘Thar Ghealchathair Soir’ (Cumann Merriman, 1973) agus an léacht tionscnaimh sa tsraith ‘Léacht Uí Chadhain’ (‘Máirtín Ó Cadhain: an Pholaitíocht agus an Ghaeilge’), Deireadh Fómhair 1980 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. 

Ó hEithir was employed as editor for Sáirséal and Dill and also worked as editor of Comhar. He was employed as an Irish Language editor in the Irish Press and worked as a columnist; a broadcaster and scriptwriter for radio, telivision and film. His novel Lig Sinn i gCathú was awarded first prize in/at the 1975 Oireachtas. Some of his other works include the novel, Sionnach ar mo Dhuán (1988); 'Thar Ghealchathair Soir' (Cumann Merriman, 1973), and the inaugural lecture ('Máirtín Ó Cadhain: an Pholaitíocht agus an Ghaeilge') given in October, 1980, as part of the 'Léacht Uí Chadhain' series in UCD.

Áit bhreithe: Bóthar na Trá, Co. na Gaillimhe

Dáta báis: 8 Meán Fómhair 1990

Naisc: Beatha ar Ainm.ie »

Scaip an phortráid seo:

Ba chlos sianaíl chráite ó chúl an tí, áit a riabh Murtaí ó Gríofa ag impí ar Dhia agus ar phearsana eile, idir bheannaithe agus mhallaithe, é a thabhairt saor ón mbás. Níor thug an triúr sa siopa aird dá laghad ar an ngeonaíl ach théadh geit i strainséirí a bhíodh ag dul thar bráid le linn do Mhurtaí a bheith ag ‘folmhú’, mar a deireadh Maggie. Bhuail an clog an deich, tharraing sí na dallóga agus d’iarr ar Mháirtín an doras a dhúnadh. Ansin mhúch sí na soilse uilig ach solas beag a bhí os cionn scipéad an airgid. Chaith Máirtín agus an t-eagarthóir siar a gcuid deochanna. Ghlaoigh Máirtín i leataobh ar Mhaggie agus shín ceithre phunt chuici.

‘Táimid glan anois, a Mhaggie, agus go raibh míle maith agat.’

Thóg sí an t-airgead agus dúirt,

‘Scaoilfidh mé amach anois sibh agus cuirfidh mé glas ar an doras. Scaoilfidh mé an buachaill amach doras an tí nuair a bheas na snaidhmeanna atá ar a phutóga scaoilte.’

Ar an mbealach amach an doras dáirigh Máirtín lámh Mhaggie ag tomadh go tobann i bpóca a sheaicéid. Nuair a bhí slán fágtha acu léi shiúladar trasna cearnóg bheag an mhargaidh, a bhí ar aghaidh na hArdeaglaise amach. Chuir Máirtín a lámh i bpóca a sheaicéid agus d’airigh cumraíocht dhá nóta puint. Bhí an t-eagarthóir ag cur de i dtaobh úinéirí an pháipéir.

Lig Sinn i gCathú (Sáirséal agus Dill Teoranta, 1976), lch 52.