Breandán Ó Doibhlin

Breandán Ó Doibhlin

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Suíomh: Maigh Nuad, Co. Chill Dara

Rugadh Breandán Ó Doibhlin i dTír Eoghain. Fuair sé meánscolaíocht i gColáiste Cholm Cille i nDoire, agus ollscolaíocht i Má Nuad, sa Róimh agus ag an Sorbonne. Ollamh le Nua-Theangacha i Má Nuad ó 1958 go 1996 agus Leas-Uachtarán ansin ó 1979 go 1982. Recteur ar Choláiste na nÉireannach i bPáras ó 1984, agus Rúnaí-Ginearálta ar an Fondation Irlandaise ansin ó 1991 go 2001. Úrscéalaí, drámadóir, criticeoir liteartha, aistritheoir aguus foclóirí. D'aistrigh Leabhar Íseáia Fáidh ón Eabhrais go Gaeilge do Bhíobla Mhá Nuad. Eagarthóir agus príomhaistritheoir (ón bhFraincis) ar Chaiticiosma na hEaglaise Caitlicí. D'aistrigh go Gaeilge Rabelais, Montaigne, Pascal, La Fontaine, Saint-Exupéry, Charles Péguy, Georges Bernanos, mar aon le duanaire d'fhilíocht liriciúil na Fraincise. Scríobh Manuail de Litríocht na Gaeilge i sé imleabhar. Bhronn Poblacht na Fraince de ghradam air Chevalier de l'Ordre National du Mérite in 1979, agus Officier de la Légion d'Honneur in 2001 as a shaothar ar son caidreamh cultúrtha idir an Fhrainc agus Éire. Rinneadh Pearsa den Teaghlach Pápúil de in 1997.

Breandán Ó Doibhlin was born in Tyrone, received his secondary education in St. Columb's College, Derry, and university education in Maynooth, Rome and the Sorbonne. Professor of Modern Languages in Maynooth from 1958 to 1996, and Vice-president there from 1979 to 1982. Recteur of Collège des Irlandais de Paris since 1984, and Sécrétaire-Géneral of the Fondation Irlandaise from 1991 to 2001. Novelist, dramatist, literary critic, translator and lexicographer in the Irish language. Translated the Book of Isaiah from Hebrew for the Maynooth Translation of the Bible. Editor and chief translator into Irish (from French) of the official Catechism of the Catholic Church. Translator into Irish of Rabelais, Montaigne, Pascal, La Fontaine, Saint-Exupéry and Charles Péguy, as well as an anthology of French lyrical verse. Author of Manuail de Litríocht na Gaeilge, a history of Gaelic literature in six volumes. The French Republic awarded him the honour of Chevalier de l'Ordre National du Mérite in 1979, and Officier de la Légion d'Honneur in 2001 for services to cultural links beween Ireland and France. Promoted to rank of Prelate of the Papal Household in 1997.

Dáta breithe: 1931

Áit bhreithe: Rúscaigh, Co. Thír Eoghain

Dáta báis: 19 Meán Fómhair 2023

Scaip an phortráid seo:

Agus sciordann radharc do chuimhne leis suas os cionn na mullaí úd, mar bheadh fiach dubh ag treabhadh go huaigneach abhaile thar rollóga fada na ngleann agus na sliabh, thar aibhneacha ina n-íochtair ghlasa agus thar fraoch na gcnoc, ionsar Shamhail Phite Mhéabha agus dhúnphort na ndroimshliabh. Ní théann aon rud amú ar an tsúil seabhaic sin agus í ag gluaiseacht thar léarscail an ama a bhí, thar Mhullach an Chairn na bhfraochán agus na gcleasa lúth ar Dhomhnach Chroim Dhuibh, thar chreaga dubha an Bhearnais mar a mbíodh na gabhair fhiáine ag glinniúint anuas ar lucht déanta turais fán tobar beannaithe; bóthar glas ar ghualainn sléibhe agus clochán ar áth mar a dtéadh sochraidí ar Chosán na gCorp ionsar an chré a choisric Pádraig; cistineacha chraos tine agus aifrinntí gréine; rince tostach na saighneán os cionn na farraige móire agus slinneáin d'athar chomh hard leis na reanna. Cos a chur thar chos trí ráthanna sneachta abhaile tar éis na scoile, agus cumhracht chíste te ar theacht chun tí dhuit. Fuairnimh na méar ag cur préataí faoi ghaoth an Earraigh, méara a bhí daite le portach i dtús an tSamhraidh agus le cré fhliuch dheireadh Fómhair. Na blianta ag casadh go cruinn ar a roth, agus dóchas na saoirse ag damhsa ar nós na saighneán ar chíor shléibhte Inis Eoghain agus Thír Chonaill.

Breandan Ó Doibhlin, An Branar gan Cur, lch. 179 (Gilbert Dalton, 1979).

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00