Breandán Delap

Breandán Delap

Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Peatáin

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 3 Aibreán 2023

Suíomh: An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é. Bhí sé ina chéad eagarthóir ar Foinse ó 1996 go 2003. Chaith sé seal mar eagarthóir ar na cláracha Ardán agus Seacht Lá ar TG4. Bronnadh Gradam ‘Iriseoir na Bliana’ de chuid an ESB air i 2003 as iniúchadh a rinne sé ar scannal gnéis i gcoláistí samhraidh thar tréimhse 30 bliain. Bronnadh Gradam IFTA ar a chlár faisnéise Mad Dog Coll (2000), a bhí bunaithe ar leabhar a scríobh sé faoi dhrongadóir Conallach (Mad Dog Coll: an Irish Gangster, Mercier, 1999). Bhain sé príomhdhuais an Oireachtais ar iriseoireacht chlóite in 1998 agus arís in 2010 agus ‘World Indigenous Journalism Award’ le haghaidh iriseoireacht iniúchta sa bhliain 2014. I measc na leabhar eile atá foilsithe aige tá Úrscéalta Stairiúla na Gaeilge (An Clóchomhar, 1993), Ar an Taifead (Cois Life, 2007 agus 2012) agus Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life, 2014). Tá altanna go leor scríofa aige do The Irish Times, Tuairisc.ie, Sunday Business Post, Foinse, Comhar, Beo.ie, Anois, Ireland on Sunday agus foilseacháin eile le dornán blianta anuas. Chaith sé breis is deich mbliana mar léirmheastóir drámaíochta The Irish Times in iarthar na hÉireann. D’ainmnigh Comhairle na hEorpa é ina ‘shaineolaí’ in 2011 chun cuidiú le togra cumarsáide i dteangacha mionlaigh i gCónaidhm na Rúise agus chaith sé seal ag obair i bPoblacht Mordovia agus Altai Krai ins an tSibéir. Tá blianta fada caite aige mar threoraí sléibhe le Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall.  

Breandán is a Programme Editor with Nuacht RTÉ-TG4. He was the founding editor of Foinse and also worked as editor with the television programmes Ardán and Seacht Lá on TG4. He won the ESB Journalist of the Year award in 2003 for his investigation of a sexual abuse scandal in summer colleges over a 30 year period. His documentary Mad Dog Coll won an IFTA award in the year 2000. The documentary was based on his biography of a notorious gangster from the Donegal Gaeltacht (Mad Dog Coll: an Irish Gangster, Mercier, 1999). He won the top prize for print journalism at the Oireachtas in 1998 and 2010. He was awarded the ‘World Indigenous Journalism Award’ for investigative reporting in 2014. He has published several other books: Úrscéalta Stairiúla na Gaeilge (An Clóchomhar, 1993), Ar an Taifead (Cois Life, 2007 agus 2012) agus Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life, 2014) as well as regular articles for The Irish Times, Tuairisc.ie, Sunday Business Post, Foinse, Comhar, Beo.ie, Anois, Ireland on Sunday and many other periodicals. He spent over ten years as drama critic of The Irish Times in the west of Ireland. In 2011, he was appointed as an ‘expert’ with the Council of Europe to help with media projects in minority languages in the Russian Federation and worked in the Republic of Mordovia and in Altai Krai, Siberia. He has spent many years working as a hillwalking guide for Oideas Gael in Gleann Cholm Cille, Co. Donegal.

Dáta breithe: 1965

Scaip an phortráid seo:

Ceacht eitice d’iriseoir Gaeltachta

Patrick MacGill

Seans gurb é Patrick MacGill ó Ghleann na nGleanntach i dTír Chonaill an chéad fhear Gaeltachta a bhain a bheatha i dtír le nuachtán tablóideach i Sráid Fleet, Londain. Ba bheag oideachas a fuair MacGill agus chaith sé blianta tosaigh a shaoil ag spailpíneacht in Albain. Ba ag obair ar dhamba i gCeann Loch Lìobhain a bhí sé nuair a sheol sé alt faoi dhroch-chúinsí maireachtála an náibhí chuig The Daily Express i 1911. Bhí eagarthóir an nuachtáin, AC Pearson, chomh tógtha sin leis an alt gur thairg sé post iriseoireachta do MacGill. Tá cur síos ar an tréimhse ghairid a chaith an t-údar i Sráid Fleet – agus é mar ‘a writer among navvies, and a navvy among writers’ – le fáil ina shaothar dírbheathaisnéise Children of the Dead End (1914). ‘Unskilled labour of a new kind,’ a thug sé ar a phost úr. Ba é an chéad dualgas a tugadh do MacGill ná alt a scríobh faoi thine a tharla in Holborn, Londain an lá sin, ach thit sé faoi anáil iriseora shinsearaigh darbh ainm Barwell a thug lom láithreach go dtí an teach leanna é. Dúirt sé le MacGill go mbeadh sé ag cur a chuid ama amú ag dul go láthair na tine agus nach raibh le déanamh aige ach na tuairiscí a bhí sna nuachtáin an tráthnóna sin a athscríobh ina chuid focal féin. Ní bheadh de dhíth ach peann luaidhe agus leabhar nótaí le tabhairt faoina cheird úr: ‘Beyond a little tact and plenty of cheek you require nothing else. A conscience and a love of truth are great drawbacks.’ (MacGill 1914: 288). Tugadh comhairle dó fosta faoin stíl scríbhneoireachta ba mhó a d’fhóirfeadh don alt: ‘The opening sentence must be crisp and startling: and never end your sentences with prepositions.’ Fad is a bhí MacGill ag scríobh a thuairisce faoi thine nach raibh feicthe aige, bhí Barwell ag déanamh léirmheasa ar leabhair nach raibh léite aige: ‘It’s bad policy to read a book before you review it. It is apt to give rise to prejudice.’ D’inis sé dó gur ó pheann cara leis an eagarthóir a tháinig ceann amháin de na saothair agus nár mhór dó dá réir é a mholadh go crannaibh na spéire. Cháinfí an dara leabhar ó tharla gur ball aitheanta den Pháirtí Liobrálach a scríobh é agus gur páipéar caomhach é an Daily Express. Nuair a d’fhiafraigh MacGill de faoina bharúil phearsanta faoi na leabhair, tugadh freagra giorraisc dó: ‘What the devil do I need with an opinion of my own?’ (289).

Ní nach ionadh b’fhéidir gur fhill MacGill ar a sheansaol!

Ar an Taifead le Breandán Delap (Cois Life, 2007), lgh 370-372.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00