Beairtle Ó Conaire

Beairtle Ó Conaire

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 11 Iúil 2011

Suíomh: Páirc, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Seánraí: Úrscéalaí

Fuair Beairtle Ó Conaire a chuid bunoideachais i S. N. Ros Muc, míle bealaigh ón nGairfean inar rugadh é ar 22 Iúil 1939. Rinne sé tréimhsí páirtaimseartha le Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, sna seascaidí is seachtóidí agus le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar mhúinteoir, agus le Coláiste Hibernia mar fheitheoir. Sa Spidéal, áit a raibh sé ina mhúinteoir bunscoile, a rinne sé a chuid scríbhneoireachta. Ghnóthaigh sé duaiseanna ar an ngearrscéal i gcomórtais an Oireachtais. Foilsíodh dhá chnuasach gearrscéalta leis; An Fête agus Scéalta Eile (1984) agus Marilyn Monroe i mBaile an Ghoirt (1991). Bhuaigh a úrscéal Fonn na Fola (2005) duais an Oireachtais don úrscéal liteartha don bhliain 2004. Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta, Lár an Domhain (2008) duais an Oireachtais don chnuasach gearrscéalta do 2006. Iad Seo Nach bhFaca (2010) an t-úrscéal is deireanaí uaidh. Foilsíodh altanna leis, ar oideachas sa naoú céad déag: 'Scoil Scairte', 'Scoil Sháile Liath' agus 'Scoil Ros Muc' i Leabhar Ros Muc 1997 (1997) agus 'Bunoideachas i gCeantar an Spidéil 1826–1910' i Cill Éinde – Céad Bliain (2007), chomh maith le léirmheasanna leabhar agus altanna ar ábhair éagsúla.

Beairtle Ó Conaire came to the Boys’ N. S., An Spidéal, Co. Galway, as an assistant teacher, subsequently becoming principal. Employed part-time in the late sixties and early seventies in UCG and later in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge as a teacher and in a supervisory role with Hibernia College. Born on 22 July 1939 in Gairfean, Ros Muc, Co. Galway, he attended S. N. Ros Muc where he won a Preparatory Scholarship to Coláiste Éinde, Galway. Proceeding to St. Patrick’s College, Dublin he qualified as a primary teacher. He obtained a BA degree and H. Dip. in Ed. at the then University College Galway. He won Oireachtas prizes for his short stories. Two collections were published: An Fête agus Scéalta Eile (1984) and Marilyn Monroe i mBaile an Ghoirt (1991). Fonn na Fola (2005) won the 2004 Oireachtas Prize for the literary novel of that year. Lár an Domhain (2008) took the Oireachtas Prize of 2006 for a collection of short stories. The novel Iad Seo Nach bhFaca was published in 2010. His literary output also includes articles on education in the 19th century: 'Scoil Scairte', 'Scoil Sháile Liath', 'Scoil Ros Muc' (1997) in Leabhar Ros Muc 1997, 'Bunoideachas i gCeantar an Spidéil 1826–1910' in Cill Éinde – Céad Bliain (2007), as well as contributions on aspects of the church, book reviews and various articles.

Dáta breithe: 22 Iúil 1939

Áit bhreithe: Gairfean, Co. na Gaillimhe

Scaip an phortráid seo:

Bás tobann a fhaighim. Timpiste a deirtear. Ní chuile dhuine a cheapann é. Mo chiontsiocair féin. Ag ceapadh go bhfuilim níos fearr ná mar atá. Mar ní mé an fear céanna a cheapaim atá ionam. Níl i mo dhiaidh sa saol ach mo chorp. Gan baint agam leis feasta. Is spiorad anois mé. Ní maith liom an t-ainm spiorad. Ach níl focal eile ann leis an staid ina bhfuilim a mhíniú. Gan mé sách cleachtach fós air, is dócha. Ar mo cholainn a bhíonn m’ainm baiste. Ní colainn é níos mó. Ach tá m’ainm fanta ar mo chorp. Nuair a thógfar leacht ar m’uaigh beidh an t-ainm greannta air: Sonaí Ó Giolla, agus cúpla sonra eile le léamh ag daoine ar spéis leo iad. Gan seoladh ar bith. Beidh a fhios acu go bhfuil mo chorp réidh le baile an Leacain.

Cé go bhfuil m’ainm fanta ar mo chorp is mise atá i mo spiorad. Ní miste é sin a rá. Le go dtuigfí cé mar atá an scéal. Táim réidh leis an saol atá ann. San iarshaol dom. Arís, is míniú róshimplí é sin nuair a tuigtear nach bhfuil an saol ag dul ar aghaidh san iarshaol. Mar sin níl todhchaí ann. An t-aon saol san iarshaol ná an saol a chaitheann duine ar an saol a imím as. Ach níl an saol sin san aimsir chaite níos mó. Ina áit sin is ag scagadh amach sa solas atá sé. Mar a tharlaíonn sé an chéad uair. San aimsir láithreach.

Sliocht as an úrscéal Athrú Saoil (le foilsiú)