Art Ó Maolfabhail

Art Ó Maolfabhail

Grianghrafadóir: Bill Doyle

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Suíomh: Oifig na na Suirbhéireachta Ordanáis, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath

Seánraí: File, Tráchtaire

I gCathair Luimnigh, áit a raibh a athair, de bhunadh Chontae Dhoire, ina bhall den Gharda Síochána, a rugadh Art Ó Maolfabhail sa bhliain 1932. Ba Chorcaíoch a mháthair. D’fhás sé agus d’fhoghlaim sé mórán i mbaile Ros Cré, i gContae Thiobraid Árann. Ar Scoil Náisiúnta na nBuachaillí ansin a d’fhoghlaim sé amhráin i nGaeilge, i mBéarla agus sa Laidin eaglasta. Freisin, deir sé, is i Ros Cré a ghaibh an iománaíocht isteach ina chroí bíodh gur i Luimneach a chonaic sé a chéad chluiche, agus gur i Luimneach a fuair sé a chéad chamán. Ón mbliain 1945 i leith, tá cónaí air i mBaile Átha Cliath mar ar fhreastail sé ar Mheánscoil Choláiste Mhuire na mBráithre Críostaí agus ar an Ollscoil Náisiúnta.

Ón ollscoil d’fhostaigh an Comhchaidreamh é chun dul ag obair ar an iris Comhar agus i gCeannoifig Ghael-Linn go dtí gur ghlac an tSuirbhéireacht Ordanáis leis le bheith ina Oifigeach Logainmneacha i 1958. Ba é an Príomhoifigeach Logainmeacha agus Rúnaí an Choimisiún Logainmneacha é sna blianta 1976–1997. É ina bhall de Ghrúpa Saineolaithe na Náisiún Aontaithe ar Ainmneacha Geografacha ó 1984 agus ba é an Rapporteur é ar Séú Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chaighdeánú Ainmneacha Geografacha sa bhliain 1992.

Tá mórán altanna leis ar ábhair éagsúla foilsithe in a lán tréimhseachán. I nGaeilge is gnách leis scríobh óir is í an teanga is fearr leis. Trí chnuasach filíochta leis — Aistí Dána (1964), Úlla Beaga (1986), Nóiníní (2013); leabhar (i mBéarla) ar stair na hiománaíochta: Camán — 2000 years of hurling in Ireland (1973); leabhar ar ábhar logainmníochta: Ó Lyon go Dún Lúiche, Logainmneacha san Oidhreacht Cheilteach (2005).

Art Ó Maolfabhail was born in 1932 in Limerick City where his father, a County Derry man and a member of An Garda Síochána, was stationed. His mother was from Cork. He grew up and learned many things in Roscrea in County TIpperary, where at the Boys’ National School there was much singing in Irish, English and Church Latin. It was in Roscrea also, he says, that hurling entered into his heart although he had seen his first game in Limerick, and had got his first hurl there. From 1945 he has lived in Dublin where he attended Coláiste Mhuire (The Irish Christian Brothers) and University College Dublin.

From university he was employed by An Comhchaidreamh working on Comhar magazine and in the Head-office of Gael Linn before he joined The Ordnance Survey as a Placenames Officer in 1958. He was Chief Placenames Officer and Secretary of the Placenames Commission during the years 1976–1997. From 1984 he was a member of the United Nations Group of Experts on Geographical Names and was the Rapporteur of the Sixth United Nations Conference on the Standardization of Geographical Names in 1992.

He has had many articles on various subjects published in a wide range of periodicals, and writes mostly in Irish which is his preferred language. He has three collection of poems — Aistí Dána (1964), Úlla Beaga (1986), Nóiníní (2013); a book (in English) on the history of the game of hurling: Camán — 2000 years of hurling in Ireland (1973); a book on placenames of Celtic language origin: Ó Lyon go Dún Lúiche, Logainmneacha san Oidhreacht Cheilteach (2005)

Dáta breithe: 5 Bealtaine 1932

Áit bhreithe: Luimneach, Co. Luimnigh

Scaip an phortráid seo:

Sacraifís


Nuair a chloisim trácht ar shacraifís na nÉireannach sa
Chogadh
meabhraítear domsa sacraifís thurcaithe na Nollag.

Nuair a luaitear na focail ‘diúite’ agus ‘dualgas’ agus ‘onóir’
is amhlaidh a chloisim Tiarnaí Cogaidh, Ardshagairt an
Ghunna Mhóir.

Beannaíonn siúd an liostáil deonach agus tairiscint na fola;
bíonn an choinscríobh ina nglaic acu do mhuintir na
neamhthola.

Nuair a airím trácht ar ‘dílseacht’ agus ‘crógacht’ agus
‘galántracht’
feicim tithe bochta agus an t-ocras ina lán acu.

Nuair a mholtar ‘Fighting Paddy’ sa campaign ar son síochána
ní fheicimse ach íobartaigh ar ard-altóir na buamála.

Má thagann scéal ó Dhia chugam i dtaobh imrall m’anailíse
cuirfead scéal ar ais Chuige: ‘Féach iomrall na sacraifíse!’

As Nóiníní (Coiscéim, 2013), lch. 52.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00