Aodán Mac Póilín

Aodán Mac Póilín

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Suíomh: An Chultúrlann, Béal Feirste

Bhí cónaí ar Aodán Mac Póilín i nua-Ghaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste, a chathair dhúchais. Bhí cuid mhór scríofa aige (i mBéarla go príomha) agus cainteanna tugtha aige ar pholaitíocht an chultúir, go háirithe taobh na teanga de, phleanáil theanga, oideachas, chraoltóireacht, litríocht agus na healaíona, agus idir fhilíocht agus phrós Gaeilge aistrithe aige go Béarla. Ba é an t-eagarthóir Gaeilge é ar Krino, ba chomheagarthóir é ar Ruined Pages: new selected poems le Padraic Fiacc (1994, eagrán úr 2012) agus Bás in Éirinn/May You Die in Ireland (2011), agus bhí sé ina eagarthóir ar The Irish Language in Northern Ireland (1997) ina raibh dhá chaibidil aige. Idir 1990 agus 2014 bhí sé ina Stiúrthóir ar Iontaobhas ULTACH, eagraíocht trasphobail Ghaeilge atá lonnaithe i mBéal Feirste. Bhí sé ina Chathaoirleach ar an chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart, agus ba bhall boird é ar Chomhairle na Gaelscolaíochta agus NI Screen. Chaith sé i bhfad barraíocht dá shaol ar choistí, ina measc, an Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, Colmcille, Comhairle Thuaisceart Éireann den BBC, Foras na Gaeilge agus an Seamus Heaney Centre. Cailleadh é ar an 29 Nollaig 2016.

Aodán Mac Póilin was an Irish-language activist in Northern Ireland, and lived in an Irish-speaking community in his native city of Belfast. He wroten (mainly in English) and lectured on cultural and linguistic politics, language planning, education, broadcasting, literature and the arts, and has translated poetry and prose from Irish. He was Irish-language editor of the literary magazine Krino, was co-editor of Padraic Fiacc’s Ruined Pages: new selected poems (1994, revised edition 2012) and Bás in Éirinn/May You Die in Ireland (2011), and edited and contributed to The Irish Language in Northern Ireland (1997). Between 1990 and 2014 he was Director of the ULTACH Trust, a cross-community Irish-language organisation based in Belfast. He was chairperson of the first Irish-medium school in Northern Ireland, and was most recently a board member of Comhairle na Gaelscolaíochta and NI Screen. He spent far too much time on committees, including the European Bureau for Lesser-Used Languages, Colmcille, The BBC Northern Ireland Broadcasting Council, Foras na Gaeilge and the Seamus Heaney Centre. He died on 29 December 2016.

Dáta breithe: 1948

Áit bhreithe: Béal Feirste, Co. Aontroma

Dáta báis: 29 Nollaig 2016

Naisc: Beatha ar Ainm.ie »

Scaip an phortráid seo:

Cibé ba chúis leis, níor fhorbair Gaeltacht urbach i mBaile Átha Cliath, ainneoin go bhfuil an smaoineamh i gcónaí san aer, agus ó am go chéile ardaítear an cheist agus aimsítear suíomh. Bíonn patrún ar leith leis na hiarrachtaí seo: ní bhíonn acmhainní airgid taobh thiar díobh, agus is annamh réamh-phleananna fad-téarmacha déanta ina dtaobh, ach is cosúil gurb é dearcadh an Athair Cholmáin Uí Uallacháin is mó a chuireann cos i bpoll leo. Níl anseo ach scéal scéil, ach deirtear liom go dtógtar an cheist go tráth-rialta agus gurb é an gnáth-fhreagra nó gur smaoineamh maith é ach ‘tá dul amú ort má chreideann tú go rachainn a chónaí in aice le X’. Athraíonn ainm X de réir aoise agus réamhchlaontaí an duine atá ag caint, ach gan teip is duine éigin mór le rá i saol na Gaeilge é (fear a bhíonn i gceist i gcónaí), agus is duine é a mbíonn iarracht den mheisiachas ag baint leis nó curtha ina leith, é aitheanta mar dhuine righin, dolúbtha, stuacánta, agus, chomh minic lena athrach, clú na confachta air.

Aodán Mac Póilín, “Nua-Ghaeltacht Phobal Feirste: Ceachtanna le Foghlaim?”, Gàidhealtachtan Ùra, eag., Wilson McLeod, (Ollscoil Dhùn Èideann, 2007).