Antoine Ó Flatharta

Antoine Ó Flatharta

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 30 Bealtaine 2013

Suíomh: An Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath

Is as Leitir Mealláin i gConamara d'Antoine Ó Flatharta. Cé gur chaith sé tréimhsí ina chónaí thar lear, is i mBaile Átha Cliath atá sé lonnaithe le blianta fada. Scríobhann sé don stáitse agus don teilifís as Gaeilge agus as Béarla. I measc na ndrámaí stáitse leis tá: Gaeilgeoirí, Imeachtaí na Saoirse, Blood Guilty, Ag Ealaín in Éirinn, An Solas Dearg, Grace in America agus Silverlands. Tá a chuid oibre léirithe ag cuid mhaith compántas amharclannaíochta in Éirinn agus thar lear, ina measc Amharclann na Mainstreach, Druid Theatre, TEAM Theatre, an Traverse Theatre i nDún Éideann, an Cleveland Playhouse (SAM), agus The Ensemble Studio Theatre i Meiriceá. Tá drámaí raidió agus teilifíse leis craolta ag RTÉ, BBC agus WDR. Is é a chuir tús leis an sobaldráma cáiliúil “Ros na Rún” i 1992. Tá drámaí leis i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus New Island Books. D'fhoilsigh Random House i Meiriceá The Prairie Train, leabhar a scríobh sé do pháistí, agus a bhuaigh gradam an Western Writers of America Storyteller Award, sa mbliain 2000. D'fhoilsigh an comhlacht céanna Hurry and the Monarch, leabhar eile do dhaoine óga in 2005. Is é a scríobh an script don scannán Stella Days ina raibh an phríomhpháirt ag Martin Sheen. Le déanaí scríobh sé na sraitheanna teilifíse An Crisis agus Crisis Eile do TG4.

Antoine Ó Flatharta is from Leitir Mealláin, Connemara. He has lived and worked in Britain and America and has been based in Dublin for many years. He has written for the stage and television in Irish and English. His stage plays include Gaeilgeoirí, Imeachtaí na Saoirse, Blood Guilty, Ag Ealaín in Éirinn, An Solas Dearg, Grace in America and Silverlands. His work has been produced by many theatre companies here in Ireland and abroad, including the Abbey Theatre, Druid Theatre, TEAM Theatre, the Traverse Theatre in Edinburgh, the Cleveland Playhouse (USA) and The Ensemble Studio Theatre in New York. His television and radio drama has been broadcast by RTÉ, BBC and WDR. He devised the TG4 series “Ros na Rún” which he created originally as a pilot programme for RTE Television in 1992. His plays have been published by Cló Iar-Chonnacht and New Island Books. A children’s book, The Prairie Train, was published in America by Random House in 1999 and won the Western Writers of America Storyteller Award in the year 2000. A second children’s book Hurry and the Monarch was published by Random House in 2005. He wrote the screenplay for the movie Stella Days starring Martin Sheen. He wrote the award-winning series An Crisis for TG4 in 2011, and a follow up series Crisis Eile was broadcast in 2013.

Dáta breithe: 1953

Áit bhreithe: Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe

Scaip an phortráid seo:

SEÁN Tá muid sa mbaile. Níor rugadh ann muid, níor tógadh ann muid, ach is ann a bheas muid. Dhá chowboy eile. Dhá chowboy eile sa Heartbreak Hotel. Déanfaidh mé phone-call abaile is déarfaidh mé leo nach bhfuil mé a' teacht. Déarfaidh mé leo go bhfuil mé a' fanacht anseo. Déarfaidh mé leo gur cheannaigh mé hata cowboy. Déanfaidh m'athair gáire is fiafróidh sé díom ar mharaigh mé aon Indians fós. (Féachann sé arís ar an ngunna ina láimh) Mharaigh. Mharaigh mé. Mharaigh mé céadta.

Sa gcúlra, tosaíonn an Busker ag canadh 'Lonesome Cowboy'.

SEÁN Mharaigh mé céadta. Sheas mé ansin ag breathnú ar a gcuid fola ag dul le fán. Sheas mé ansin sa bhfásach is chuala mé an caoineadh. Tewa, Towa, Susquehanna... Susquehanna... Susquehanna... Tá m'athair ag caint ar an bhfón. Tá sé ag guí grásta Dé orm. Grásta Dé. Sé mhí imithe as an mbaile is feictear dom go bhfuil mé anseo le trí chéad bliain. Thógfainn grásta ó dhuine ar bith anois. I

Iompaíonn Seán a éadan i dtreo an Busker atá fós ag casadh 'Lonesome Cowboy'.

Grásta i Meiriceá (Cló Iar-Chonnacht, 1990).