Alan Titley

Alan Titley

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 12 Feabhra 2011

Suíomh: Baile Átha Cliath

Is scoláire, colúnaí le The Irish Times, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, file, staraí liteartha, craoltóir agus drámadóir é Alan Titley. Ó 1981 i leith, bhí sé i gceannas ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach go dtí gur ceapadh é ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh in 2006. Taibhríodh na drámaí Tagann Godot (An Clóchomhar, 1991) in Amharclann na Péacóige in 1990 agus taibhríodh An Ghráin agus an Ghruaim in Amharclann Samuel Beckett in 1999. Chraol RTÉ Radio agus BBC Radio drámaí dá chuid freisin. Tá iliomad duaiseanna buaite aige, ina measc Gradam Bisto 2004 dá úrscéal, Amach (An Gúm, 2004). Scríobh sé agus chuir sé an tsraith teilifíse, Scéal na Gaeilge, i láthair do TG4 sa bhliain 2012. D’fhoilsigh An Gúm a úrscéal Gluaiseacht in 2009 — scéal bunaithe ar inimircigh agus inimirce. Le blianta beaga anuas foilsíodh freisin Scríbhneoirí faoi Chaibidil (Cois Life, 2010), sraith alt ar údair mhóra liteartha na Gaeilge, atá bunaithe ar an tsraith clár den teideal céanna a craoladh ar RTÉ; Nailing Theses: selected essays (Lagan Press, 2011); agus Smuf (An Gúm, 2012), úrscéal do dhaoine óga. D’fhoilsigh sé leabhar filíochta Rabhadh Dánta (Coiscéim, 2013), agus An Bhean Feasa (Cló Iar-Chonnacht, 2014) arb úrscéal agus an dán is faide i nualitríocht na Gaeilge é in éineacht.

Alan Titley is the author of seven novels, four collections of stories, many plays and some poetry, including An Bhean Feasa the longest poem in modern Irish literature. He has written documentary films for television, and presented his own Scéal na Gaeilge (‘The Story of Irish’) on TG4. He is a scholar who has written widely on Irish, Anglo-Irish and Scottish literature, and his An tÚrscéal Gaeilge is the final word on the Irish novel. His translation of Máirtín Ó Cadhain’s classic novel was published as The Dirty Dust (Yale/CIC 2015). He was Head of the Irish Department in St Patrick’s College (NUI and DCU) and, more recently, Professor of Modern Irish in University College Cork, and is a member of the Royal Irish Academy. His stories and plays have earned many awards including The Butler Prize of the Irish American Cultural Institute, The Pater Prize for International Drama, The Stewart Parker Award for Drama from the BBC, and the Éilís Dillon Award for Children’s Literature. A number of these stories and plays have been translated into other languages, including Russian, Italian, French, Croatian, Polish, Arabic, Romanian, English and Gaelic.

Dáta breithe: 28 Meitheamh 1947

Áit bhreithe: Corcaigh

Scaip an phortráid seo:

SMUF

1

Chaith siad amach as an gcarr mé!

Ní hé go raibh puinn iontais orm, mar tharla sé cheana go minic. B’in an nós a bhí acu. Mise a chaitheamh amach ar dtús, agus ansin leanadh duine éigin mé. Eisean nó Ise nó Síofra. B’fhearr liom i gcónaí nuair a leanadh Síofra mé, mar dhéanadh sí peataireacht orm. Is mé a bhí ceanúil uirthi. Ba léi mé, le fírinne, ach ní bhíodh sí ann i gcónaí. Bhíodh Eisean nó Ise ann i gcónaí. Duine éigin díobh. Ach níor lean siad mé anois.

Chonaic mé an carr ag imeacht uaim. É ag dul i laghad de réir a chéile. Ag éirí beag ar an mbóthar mór. Is dóigh liom go bhfaca mé Síofra ag stánadh orm ón bhfuinneog chúil. Is dóigh liom go raibh Sonaí ann chomh maith. Ach ní fhéadfainn a bheith cinnte. Bhí an ghrian i mo shúile agus níor aithin mé an áit a raibh mé.

Cibé ní faoi sin, chuir mé mo shrón le talamh, agus ansin d’ardaigh mé mo chos.

Ní raibh rud ar bith beo san áit a raibh mé. Nó sin a cheap mé i dtosach. An bóthar mór ag síneadh siar i dtreo an chairr agus bóthar níos mó fós ag síneadh soir i dtreo áit éigin nach raibh eolas agam air.

Sa pháirc in aice liom bhí ainmhithe a raibh ceithre chos fúthu. Bhí siad bán. Bhí clúmh mór tiubh orthu ag sileadh síos. Bhí siad ciúin agus ag ithe. Cúpla duine díobh a raibh aghaidh dhubh air. Níor thug siad aon aird orm.

I bpáirc eile in aice leo sin bhí ainmhithe eile. Ceithre chos fúthu chomh maith. Iad donn. Cuma leisciúil orthu mar bhí siad ina suí. Iad ag cogaint rud éigin. Cuma shásta orthu, cé gur cheapas go raibh siad chomh tiubh le cos boird.

Lig mé glam asam. Ach níor thug siad aon aird orm ach an oiread is a thug siad aird ar na cuileoga a bhí timpeall ar a n eireaball.

Cá raibh mé?

Ní raibh tuairim dá laghad agam. Bhí crainn feicthe cheana agam agus páirceanna. Go deimhin, thaitin crainn agus sceacha agus cosa agus cuaillí agus páirceanna móra leathana liom. Ach thaitin ballaí liom chomh maith agus pábhálacha agus foirgnimh, agus ní raibh radharc agam ar a leithéid sa bhall seo.

Glas a bhí gach rud i mo thimpeall, seachas na hainmhithe bána agus na hainmhithe donna, agus ní raibh siad sin ar son aon rud a rá liom.

D’fhéach mé soir agus siar. Rith sé liom go bhféadfainn dul ar thóir an chairr arís, ach bhí a fhios agam go raibh sé imithe rófhada. Bhí a fhios agam nach dtiocfainn suas leis. Agus níor theastaigh uaim go bhfaighinn cúpla buille eile. Bhí buillí go leor faighte agam.

Rachainn an treo eile. Bhí gach rud le fáil an treo eile. Bhí scéalta cloiste agam faoin treo eile.

Bhuail sé isteach i m’aigne go raibh rud éigin as an tslí déanta agam. Rinne mé rudaí as an tslí roimhe seo. De ghnáth nuair a d’fhaighinn buille bhíodh rud éigin déanta as an tslí agam.

Mar sin féin, thaitin slipéirí liom. Is iad a bhí blasta agus bhí boladh álainn uathu. Boladh na gcos. Boladh an allais. Boladh na háite a raibh daoine ag siúl. An boladh sin atá idir dhá mhéar na coise.

Alan Titley, lch 1, Smuf (An Gúm, 2012)