Áine Ní Ghlinn

Áine Ní Ghlinn

Grianghrafadóir: Máire Uí Mhaicín

Cead úsáide: Foras na Gaeilge

Dáta: 29 Márta 2010

Suíomh: Baile Átha Cliath

Malairt portráide: Portráid

Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine. Tá ocht leabhar is fiche scríofa aici — cúig chnuasach filíochta do dhaoine fásta agus trí leabhar is fiche do dhéagóirí agus do léitheoirí óga. Chaith sí roinnt blianta ag obair mar iriseoir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Chaith sí seal freisin ina léachtóir le Fiontar. Ina dhiaidh sin chaith sí roinnt blianta ag obair go lánaimseartha ar leabhair do pháistí agus ar scripteanna do Ros na Rún, TG4. Faoi láthair roinneann sí a cuid ama idir léachtóireacht i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann, scríbhneoireacht do léitheoirí óga agus ceardlanna scríbhneoireachta a chur ar fáil do dhaltaí scoile (iad seo maoinithe ag COGG). Tá go leor gradam buaite aici. Bronnadh Gradam Réics Carló Leabhar na Bliana, Gradam Ficsin Leabhair Pháistí Éireann agus Gradam Leabhar na Bliana de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann ar Daideo. Bronnadh Gradam Ibby ar Brionglóidí agus tá go leor duaiseanna eile buaite aici dá saothar drámaíochta agus filíochta agus dá húrscéalta do pháistí.

Áine is a lecturer, children’s writer, poet and journalist. Her most recent children’s novels are Hata Zú Mhamó and Daideo. Daideo won a range of major awards — Irish language Book of the Year, Literacy Association of Ireland Book of the Year as well as a Children’s Books Ireland Fiction Honour award. Although Áine has published five collections of poetry for adults, she writes mainly for young and young adult readers — from picture books for the very young (illustrated by artist Carol Betera) to stories, novels, plays and poetry for children and teenage readers. She has won a range of Oireachtas and other awards for poetry, drama and fiction.

Dáta breithe: 1955

Áit bhreithe: Co. Thiobraid Árann

Scaip an phortráid seo:

Tú Féin is Mé Féin


Thógamar teach féir – tú féin is mé féin – ag
bun an mhóinéir. Do thrí scór bliain dod chromadh
ach fós bhí na ballaí chomh hard liom féin.

Chnag tú ar chloch an dorais. Bhuail isteach.
‘Mise Daidí, tusa Mam,’ a dúirt go séimh, ‘is mé
ag filleadh ort tar éis obair an lae.’ D’ólamar
tae as cupáin bheaga bhréige.

‘Téanam ort, a chroí. Tá sé in am luí. Bain
díot.’ Is bhain. Bhain tú piliúr as balla na
cistine. Do thrí scór bliain dom phlúchadh.

D’éiríomar. Ghlan le do chiarsúr mé. Phóg mo
chuid fola leis an gcréacht a leigheas is
d’fhilleamar – tú féin is mé féin – ar theach
mo mháthar, ar theach d’iníne.

Ach pé sracfhéachaint a thugaim thar mo ghuaille
feicim fós ó am go chéile an chréacht oscailte
a d’fhág tú i mballa na cistine.  

Tostanna (Coiscéim, 2006) agus An Guth Baineann (LeabhairCOMHAR, 2013)

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00