Áine Durkin

Áine Durkin

Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Peatáin

Cead úsáide: COMHAR

Dáta: 17 Meitheamh 2020

Suíomh: Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall

As Ceantar na nOileán i gConamara ó dhúchas, tá Áine Durkin ina cónaí in Inis Eoghain ó bhí 1980 ann. Bhain sí duaiseanna liteartha (an chéad duais) ag Oireachtas na Samhna dá blag Mise Áine (2010), agus i gComórtas na Scríbhneoirí Úra dá cnuasach filíochta/amhrán ‘Mise Áine, An Bhean Istigh’ (2017). Bhain a hamhráin, ‘Le Do Thaobh,’ ‘Grá Faoi Bhláth,’ ‘Ní Thuigim,’ agus ‘Mar a Bhíonn’ duaiseanna ag an bhFéile Náisiúnta Pan Cheilteach (2013, 2018, 2019, 2020); mar a bhain a hamhrán ‘Féile na Nollag’ an chéad áit i comórtas amhránaíochta a d’eagraigh Ros na Rún i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta, i 2013. Rinne a hamhrán ‘Ní Thuigim’ ionadaíocht ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach (2019), agus chroch sí léi an chéad duais don amhrán nua-chumtha is fearr ag an ócáid sin.

Ise údar an bhlag Mise Áine ag Rámhaille, blag ar a scríobhann sí, go rialta, faoi chúrsaí an tsaoil, idir ghreannmhar agus dháiríre. Cuireann sí dánta, agus scríbhinní eile, ar fáil d’irisí agus do na meáin. Tá trí dhán léi – 'Fear na Faiche Móire', 'Athbheochan Aitéiné', 'Cuimhne' – san áireamh ins an leabhar Gaillimh, Díolaim Cathrach (Cló Iar-Chonnacht, 2020) in eagar ag Brian Ó Conchubhair.

Is dá cuid filíochta, agus do na hamhráin a chum sí, a bronnadh Gradam an tSiamsa uirthi ag Siamsa Choilm de Bhailís, i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe, sa bhliain 2019.

Bhain sí céim chéad onóracha amach i dTeanga agus i Litríocht na Gaeilge ó Ollscoil Uladh (2007), mar aon le Dioplómaí sna Dána (Scileanna Teilifís (2008) agus Scileanna Aistriúcháin (2009)) ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair.

Craoladh a dán ‘Ciara na Gruaige Rua,’ (dán a scríobh sí faoi bhás a deirféar, Ciara, i 2007) ar an gclár Ciara na Gruaige Rua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, clár a bhuaigh bonn airgid ag na New York Festivals International Radio Broadcasting Awards i 2008.

Originally from Connemara, Áine Durkin has been living in Inishowen since 1980. She has won literary prizes at Oireachtas na Samhna for her blog Mise Áine (2010), and for her collection of songs and poetry ‘Mise Áine, An Bhean Istigh’ (2017). Her songs, ‘Le do Thaobh,’ ‘Grá Faoi Bhláth,’ ‘Ní Thuigim,’ and ‘Mar a Bhíonn’ have won prizes at the National Pan Celtic Festival in 2013, 2018, 2019 and 2020. Her composition ‘Féile na Nollag’ won the Ros na Rún/Raidió na Gaeltachta Christmas Song Competition in 2013. Her song composition ‘Ní Thugim’ represented Ireland at the International Pan Celtic Festival in 2019, where it won first prize.

She is the author of the blog Mise Áine ag Rámhaille where she writes, regularly, with a mixture of humour and seriousness, about life as she experiences it. She has contributed Irish language articles and poetry to various media outlets and magazines over the years. Three of her poems – 'Fear na Faiche Móire', 'Athbheochan Aitéiné', 'Cuimhne' – are included in the book Gaillimh, Díolaim Cathrach (Cló Iar-Chonnacht, 2020) edited by Brian Ó Conchubhair.

She was awarded Gradam Choilm de Bhailís 2019 at Siamsa Choilm de Bhailís, in Lettermore, Co. Galway, in recognition of the songs and poems she has written.

She was awarded a first-class honours degree in Irish Language and Literature from the University of Ulster (2007), and was also awarded the Dean’s Prize for Academic Excellence from the Faculty of Arts (2007). Afterwards, she was awarded diplomas from Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge for Television Skills (2008) and Translation Skills (2009).

A poem she wrote about the death of her sister, Ciara, in Afghanistan in 2007, was broadcast on RTÉ Raidió na Gaeltachta during a programme of the same title, Ciara na Gruaige Rua, a programme that went on to win silver at the New York Festivals International Radio Broadcasting Awards in 2008.

Dáta breithe: 1958

Áit bhreithe: Eanach Mheáin

Naisc: Suíomh an scríbhneora »

Scaip an phortráid seo:

Ciara na Gruaige Rua

(i gcuimhne ar mo dheirfiúr)
Is brónach é an focal slán,
focal trom le mothúcháin,
ach tháinig míniú iomlán nua,
nuair a chaill muid Ciara na Gruaige Rua.
Séasúr le séasúr fágann slán,
nádúr sa ngluaiseacht ó am go ham,
ach cá’il an nádúr sa gcogadh crua
a sciob uainn Ciara na Gruaige Rua?
A corp ar leac i dtír gan suan,
a béilín álainn socair ciúin,
slán ní bhfuair muid seans le lua,
nuair a d’imigh Ciara na Gruaige Rua.
Níl radharc sna súile gorma geala
a chonaic áilleacht sa saol in iomlán a seala,
cineáltas ’s cairdeas an rud ba dhual
do Chiara álainn na Gruaige Rua.
Níl preab níos mó ón gcroí mór fial
a thug grá agus gáire isteach sa saol,
níl gile sa lá, tá an domhan gan bua,
ó bhásaigh Ciara na Gruaige Rua.
Is brónach é an focal slán,
focal tiubh le mothúcháin,
ach tháinig míniú iomlán nua
nuair a chaill muid Ciara na Gruaige Rua.

As Mise Áine: An Bhean Istigh (Cló Iar Chonnacht, 2017), lch 37.

Éist leis an sliocht á léamh

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00