Vivian Uíbh Eachach
Genres: Translator, Editor, Childrens' author, Historian, Novelist
Rugadh agus tógadh Vivian Uíbh Eachach i gceantar na Saoirsí i mBaile Átha Cliath. Is aistritheoir ó thaobh gairme é agus tá sé ina Phríomh-Aistritheoir i dTithe an Oireachtais. Bhí sé gníomhach i rith na mblianta le heagraíochtaí éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn: Cumann Gaelach na Saoirsí, Muintir Dhuibhlinne, Gael-Linn, Comhar, Gaelscoileanna agus cumainn eile nach iad. Tá leabhar faoi charachtair sráide Bhaile Átha Cliath scríofa aige — Zozimus agus a Chairde (An Gúm, 1990), leabhar rannta aibítreacha faoi na hainmhithe — Aibítir na nAinmhithe (Cló Iar-Chonnacht, 1990), leabhar faoi eachtraí fhoireann sacair na hÉireann i rith na mblianta — An Bóthar chun na Róimhe (Coiscéim, 1990), agus dhá leabhar faoi phearsana móra staire de chuid na nGael — Fiach mac Aodha Ó Broin (Leabhar Breac, 2003) agus Somhairle Mór (Leabhar Breac, 2005). Bhí sé ina eagarthóir ar Comhar (1995-1997) agus ar Iris Ghaelscoileanna agus ina eagarthóir ar imeachtaí Féile Zozimus, féile bhliantúil a d’eagraíodh Gael-Linn sna nóchaidí.
Vivian Uíbh Eachach was born and raised in the Liberties area of Dublin. He is a translator by profession and is Chief Translator in the Houses of the Oireachtas. He was active over the years with various organisations in promoting the Irish language: Cumann Gaelach na Saoirsí, Muintir Dhuibhlinne, Gael-Linn, Comhar, Gaelscoileanna and other groups. He has written a book on Dublin street characters — Zozimus agus a Chairde (An Gúm, 1990), a book of alphabetical verses about animals — Aibítir na nAinmhithe (Cló Iar-Chonnacht, 1990), a book about the exploits of the Irish soccer team through the years — An Bóthar chun na Róimhe (Coiscéim, 1990), and two books on major Gaelic characters in history — Fiach mac Aodha Ó Broin (Leabhar Breac, 2003) and Somhairle Mór (Leabhar Breac, 2005). He was editor of Comhar (1995-1997) and the Gaelscoileanna Magazine and edited the proceedings of Féile Zozimus, an annual festival organised by Gael-Linn in the nineties.