Tadhg Mac Dhonnagáin

Tadhg Mac Dhonnagáin

Photographer: Seán Ó Mainnín

Usage rights: COMHAR

Date: 24 November 2018

Setting: Spiddle, Co. Galway

Is scríbhneoir do dhaoine óga, scríbhneoir scripte, cumadóir amhrán agus beathaisnéisí é Tadhg Mac Dhonnagáin. Is as Achadh Mór i gContae Mhaigh Eo é ó dhúchas. I measc na saothar atá tagtha uaidh tá an saothar beathaisnéise Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal, a bhain Gradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana 2015. Is é a bhí mar chomhchruthaitheoir agus príomhscríbhneoir ar an tsraith drámaíochta teilifíse don óige, Aifric. Bhain an tsraith Gradam IFTA trí bliana as a chéile don chlár teilifíse is fearr in Éirinn don óige, 2007-2009 agus Gradam Fhéile na Meán Ceilteach i 2009.

Tá dhá albam bunamhrán do dhaoine fásta cumtha agus taifeadta aige: Solas Gorm, (Gael Linn, 1988), agus Raiftearaí san Underground, (CIC, 1993) agus péire do pháistí: Ceol na Mara (Futa Fata, 2004) agus Bliain na nAmhrán a foilsíodh mar leabhar agus dlúthdhiosca (Futa Fata, 2016). Bronnadh Gradam Speisialta na Moltóirí ar Bliain na nAmhrán ag Gradaim Leabhair na Bliana Leabhair Pháistí Éireann, CBI, 2017 agus cuireadh san áireamh é an bhliain chéanna sin i measc 200 scothleabhar na cruinne do pháistí, 2017, sa chatalóg bhliantúil White Ravens a fhoilsíonn an Internationale Jugendbibliothek i Munich na Gearmáine. Bronnadh Gradam Réics Carló, Leabhar na Bliana don Óige, air i 2018.

Tá saothar Thaidhg don óige aistrithe go forleathan: go Sínis (an pictiúrleabhar Uinseann Donn); go Danmhairgis agus go Faróis (an tsraith réamhscoile Dainín); go Briotáinis, (an tsraith mhiotaseolaíochta Fionn agus na Fianna) agus go Spáinnis, Portaingéilis, Turcais, Fairsis, Briotáinis agus Gaidhlig na hAlban (an tsraith teilifíse Aifric).

Tá cónaí air sa Spidéal i nGaeltacht Chois Fharraige. 

Tadhg Mac Dhonnagáin writes books, screenplays and songs for both adults and children. A native of Aghamore in County Mayo, he has been based in the Cois Fharraige Gaeltacht since 2000. He was awarded Gradam Uí Shúilleabháin, Irish-language Book of the Year 2015 for Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal, his biography of the pre-famine songwriter and poet Antaine Ó Reachtabhra. Screenwriting credits include the TV teen drama AIFRIC (creator and head writer). The show won three consecutive IFTA young people’s programme of the year awards, in 2007, 2008 and 2009 as well as the Celtic Media Festival Youth Award, 2009.

Writing for children includes the mythological adaptations Fionn agus na Fianna (An Gúm, 2006-2009), and the picture books Uinseann Donn and Dainín (Futa Fata). The collection of season songs, Bliain na nAmhrán, won Gradam Réics Carló, the young people’s Irish-language Book of the Year Award, 2018, a Children’s Books Ireland Book of the Year Award, 2017 and a White Ravens Honoree from the International Youth Library, Munich, Germany, 2018.

Other work in music includes the albums Solas Gorm (Gael Linn, 1988), Raiftearaí san Underground (CIC 1993) and the sea-themed collection for children, Ceol na Mara (Futa Fata, 2004).

Tadhg’s work has been translated to a number of languages including Chinese, Breton, Danish, Scots Gaelic, Portugeuse, Spanish, Turkish and Farsi.

He has a particular interest in creative reinterpretation of oral literature. Work in this area includes the book/CD collections for children Gugalaí Gug! and Peigín Leitir Móir and the collection for adults Aniar (Futa Fata).

Tadhg is based in An Spidéal.

Birth date: 1961

Place of birth: Aghamore, Co. Mayo

Share this portrait:

Mhúch Solas agus Tháinig Éiclips

Bhí chuile shórt go breá go dtí gur bhuail an tubaiste iad. Ní daoine saibhre a bhí iontu, ach ní raibh siad beo bocht ach oiread. Fíodóir a bhí sa Reachtabhrach. Ceardaí a bhí ann, fear a raibh beagáinín beag stádais sa saol aige, le hais spailpíní agus feilméaraí an cheantair, daoine a bhí ag streachailt leo le drochaimsir agus le talamh bocht Oirthear Mhaigh Eo. Ní hionann agus an t-oibrí siúil, bhí údar ag an Reachtabhrach a bheith dóchasach as an todhchaí a bhí roimhe féin agus a chlann óg. Níor thuig sé fós gur bás tobann a bhí i ndán do na gasúir agus briseadh croí a bhí ag fanacht leis féin agus lena bhean.

Naonúr de mhuirín a bhí ar mhuintir Uí Reachtabhraigh. In ainneoin go mbíodh ocras ar na gasúir ag dul a chodladh dóibh anois is arís, ní raibh an drochshláinte ag cur as mórán don chomhluadar. Bhíodh srón ag sileadh anseo agus casachtach chléibhe ansiúd ina measc, cinnte; bhíodh sciortáin ag gabháil dóibh sa samhradh dá mba sa bhfraoch a bhí siad ag spraoi. Dhódh na neantóga a gcosa nochta. Bhaineadh seangáin agus míoltóga corrphlaic astu. Ach thairis sin, bhí siad ag cruachtan leo, an cailín ba shine ag tabhairt cúnaimh leis an bpáiste nuabheirthe, an dá mhac ba láidre ag cabhrú leis an gcuradóireacht san earrach agus ag gróigeadh móna le teas an tsamhraidh.

Ach le teacht an tinnis, am éicínt i gcaitheamh na bliana 1784, tháinig cor mór i gcinniúint an líon tí sin ar an Seanbhaile, le taobh an Tí Mhóir, ar bhaile Chill Liadáin in oirthear Chontae Mhaigh Eo. Agus níorbh é an t-aon teallach amháin ar tháinig plá marfach dá shórt thar tairseach isteach ann.

Sliocht as Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal (Futa Fata, An Spidéal, 2015).