Simon Ó Faoláin

Simon Ó Faoláin

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 14 September 2011

Setting: Co. Kerry

Genres: Poet

Rugadh Simon i mBaile Átha Cliath, agus tháinig chun cónaithe in Iarthar Dhuibhneach nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois. Oileadh é mar sheandálaí agus chaith sé tréimhsí ag obair san earnáil phríobháideach mar stiúrthóir tochailte agus i gcúrsaí acadúla sa Léann Ceilteach. Tar éis tréimhsí sa Ghaillimh, sa Bhreatain Bheag, ar Oileán Acla agus i gCorcaigh, d'fhill sé ar Chorca Dhuibhne in 2007. Bhuaigh a chéad chnuasach filíochta, Anam Mhadra (Coiscéim, 2008) Duais Glen Dimplex na Gaeilge agus Duais Eithne agus Rupert Strong. Tá Duais Cholmcille agus Duais Fhoras na Gaeilge araon buaite aige fé dhó. Bhuaigh sé Duais Bhaitéar Uí Mhaicín 2010 ó Thaibhdhearc na Gaillimhe dá chéad dráma, An Poll. Sa dara leabhar filíochta uaidh, As Gaineamh (Coiscéim, 2011), bhí tionchar a ghairme mar sheandálaí agus a thaithí mar athair ag análú go trom ar a chuid filíochta. Tá ceisteanna fé iontaoibh radharc ár súl agus ár gcuimhne i dtreis go mór ina thriú chnuasach, Fé Sholas Luaineach (Coiscéim, 2014).

Simon Ó Faoláin was born in Dublin and raised in West Kerry. He trained as an archaeologist and has worked both in the private sector as an excavation director and as an academic in Celtic Studies. Following periods in Galway, Wales, Achill Island ann Cork he returned to live in West Kerry in 2007. His first collection, Anam Mhadra (Coiscéim, 2008) won the Glen Dimplex Irish Award and the Eithne and Rupert Strong Award. He has won both the Colmcille Prize and the Foras na Gaeilge Prize twice. His first play, An Poll [The Hole] won the Walter Macken Prize from An Taibhdhearc in 2010. His second collection of poetry, As Gaineamh (Coiscéim) was published in 2011 and his third, Fé Sholas Luaineach, (Coiscéim) in 2014.

Birth date: 1973

Place of birth: Dublin

Share this portrait:

Scáil-Mhachnamh

Oft in the stilly night I remember our wasted youth
Derek Mahon

Séideann gaoth ghéar geimhridh thar cheann cé tréigthe
Mar atáimid suite – athair is mac – ar dheilf chré umha,
Fágaim an garsún ag marcaíocht ard i réim samhlaíochta
Is téim ar thaobh go hoifig dhorcha na mbádóirí.

Lámh idir éadan agus fuinneog, gliúcaím go díomhaoin
Is cím trén gclapsholas d’aghaidh óg ann ag stánadh,
Crochta go hard i measc phortráidí seanfhondúirí
Is freangann arraing tríom arís ainneoin na mblianta.

Théis scáthamh athraíonn fócas súl ód’ ghnúis go féinscáth,
Frithchaite ins an bhfuinneog cím fiche bliain fé bhláth ann
I ndeireadh trátha, a dhearbhaíonn nach mbeim óg choíche
Amhail tusa agus é ródhéanach domsa mádh an laoich a leagadh.

Sa spás idir ghloine phortráid is gloine na fuinneoige
Tá an tarna sciar de ré na bhfear mar shíoraíocht sínte.

Fé Sholas Luaineach (Coiscéim, 2014)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00