Seán Ó Leocháin

Seán Ó Leocháin

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 24 May 2011

Setting: Dublin

Genres: Poet

Cónaí air in Áth Luain, áit ar rugadh é i 1943. Meánoideachas i gColáiste San Froinsias, Rinn Mhic Ghormáin, Co. na Mí. Céim BA (Gaeilge agus Laidin) agus céim MA (Gaeilge) ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sé pósta, agus ceathrar clainne aige. An chuid is mó dá shaol oibre caite aige ag múineadh i gColáiste N. Iósaf, Cnoc an tSamhraidh, Áth Luain. Na cnuasaigh filíochta seo leis foilsithe ag an gClóchomhar: Bláth an Fhéir (1968); An Dara Cloch (1969); Saol na bhFuíoll (1973) a bhuaigh Duais na Comhairle Ealaíon; Idir Ord agus Inneoin (1977); In Absentia (1980); Aithrí Thoirní (1986); Bindealáin Shalaithe (1989); Traein na bPúcaí (1993); Oiread na Fríde (1998) a bhuaigh Duais Uí Airtnéide 2000; Soupe du Jour (2003). D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht Cloch Nirt (2011); agus d'fhoilsigh Coiscéim Scannán gan Fuaim (2011) agus Obair Bhaile (2013).

Seán Ó Leocháin lives in Athlone, where he was born in 1943. He has a BA in Irish and Latin and an MA in Irish from the National University of Ireland, Galway. He is married, with four children. He has spent most of his working life teaching at Saint Joseph's College, Summerhill, Athlone. An Clóchomhar published the following poetry collections of his: Bláth an Fhéir (1968); An Dara Cloch (1969); Saol na bhFuíoll (1973) which won an Arts Council Prize; Idir Ord agus Inneoin (1977); In Absentia (1980); Aithrí Thoirní (1986); Bindealáin Shalaithe (1989); Traein na bPúcaí (1993); Oiread na Fríde (1998) which won Duais Uí Airtnéide 2000; Soupe du Jour (2003). Cló Iar-Chonnacht published Cloch Nirt (2011); and Coiscéim published Scannán gan Fuaim (2011) and Obair Bhaile (2013).

Birth date: 1943

Place of birth: Athlone, Co. Westmeath

Share this portrait:

Soip

Ag iarraidh an t-iomlán a thabhairt leis
i ngob nach bhfuil mór a dhóthain,
tugann sé leis trí cinn
de na soip faoi bhun an chlaí.

Tugann sé preab san aer
is imíonn ceann le gaoth air
ach leanann sé leis in airde,
níos mó ná a dhóthain le déanamh

go mbaineann géag crainn amach,
áit a dtugann sé sos dó féin.
Ach leis na geáitsí go léir atá aige
ligeann sé uaidh na cinn eile,

é trí chéile go mór lena linn,
leathcheann air ag faire
ar an éadáil á scuabadh chun siúil,
mar a bheadh sé idir dhá chomhairle.

Ach ní chuireann sé aon trioblóid air féin
is baineann croitheadh as na sciatháin
sula bpiocann rud éigin as a chlúmh,
léim is lúth ann fós,

is fanann sé tamall beag eile
gan súil le rud ar bith,
gan diúltú do rud ar bith.
Déanann an ghrian tuar ceatha de na cleití.

Seán Ó Leocháin, dán as Cloch Nirt, lch 314 (Cló Iarr-Chonnacht, 2011)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00