Seán Ó Coileáin
Genres: Folklorist, Biographer, Editor, Academic writer
Tá a shaol acadúil caite ag Seán Ó Coileáin le léann agus le litríocht na Gaeilge idir shean agus nua. Ar na daoine is mó a chuir oiliúint air fan na slí, áiríonn sé An tAthair Liam Leader ar an meánscoil i mBeanntraí; R. A. Breatnach agus Séamus Caomhánach ar an ollscoil i gCorcaigh; John Kelleher agus Albert Lord in Ollscoil Harvard; Tomás Ó Murchú (‘De Valera beag’), Cáit (‘Bab’) Feiritéar agus Seosamh Ó Dálaigh i gCorca Dhuibhne. Ba mhór an chabhair, leis, do an bhuíon bhreá scoláirí a bhí ina thimpeall le linn do a bheith ina léachtóir agus ina ollamh i gCorcaigh, agus is minic é ag glaoch fós orthu.
Ana-chara do bheirt acu, An tAthair Tadhg Ó Murchú, a thug aithne dho ar Sheán Ó Ríordáin timpeall na bliana 1967, fear nár éirigh leis scarúint riamh ó shin leis: ladhar alt curtha le chéile aige air i gcaitheamh na mblian, chomh maith le Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar, saothar a bhain an phríomhdhuais liteartha a mhaoinigh an Foras Cultúrtha Gael-Mheiriceánach (1984); súil aige fós le rogha aistí próis an Ríordánaigh a thabhairt ar an saol thar n-ais i dteannta a chéile.
Spéis leanúnach aige i dteanga agus i litríocht Chorca Dhuibhne agus é tar éis An tOileánach a chóiriú as an nua (2002). Súilfhéachaint i gcónaí aige ar sheanchas agus ar litríocht na seanaimsire, gurb iad a bhí aige chun na dochtúireachta fadó, agus ar léann an bhéaloidis. Mórán eile i gcúl a chinn aige má gheibheann sé caoi orthu, ach dá fhaid é an lá is é dán na hoíche teacht.
Born in Bantry, Co. Cork, 19th May, 1945.
Primary and secondary education at Dromore National School and Coláiste an Spioraid Naoimh, Beanntraí.
College and County Council scholarships enabled study at University College Cork (UCC), 1963–1966, graduating with first-class honours BA in Irish and English.
Mansion House Scholarship in Irish, 1966.
Travelling Studentship of the National University of Ireland and first-class honours MA in Irish, 1967.
Graduate student in the Department of Celtic Languages and Literatures, Harvard University, 1968–1972. Awarded AM 1969 and PhD in 1972; doctoral thesis entitled ‘The Guaire Cycle: a study in Irish tradition’.
Appointed statutory lecturer in Irish, UCC, 1973 and Professor of Modern Irish Language, UCC, 1983.
Professor of Irish Studies, Harvard University, 1984–1985.
Served on Governing Body, UCC, for some 13 or fourteen years from late 1980s onwards.
Appointed first Staff Ombudsman, UCC, 2001.
Member of Governing Board, School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies, 1987–1995.
Member of Senate, National University of Ireland, 1992–2002.
Elected to membership of Royal Irish Academy, 2004.
Professor Emeritus, UCC, 2006–.