Séamus Mac Mathúna

Séamus Mac Mathúna

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 23 October 2012

Setting: An Chultúrlann, Belfast

Ollamh Emeritus le Gaeilge (1980–2014) agus iar-Stiúrthóir Institiúid Taighde na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Uladh é Séamus Mac Mathúna. Bhí sé ina Léachtóir leis na Teangacha Ceilteacha in Ollscoil Uppsala, an tSualainn (1970–74) agus ina Léachtóir Statúideach le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (1976–80). Ghnóthaigh sé dochtúireacht sa Léann Cheilteach ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, áit a ndearna sé a bhunchéim chomh maith. Dhá bhliain staidéir iarchéime san Ind-Eorpais, sa Teangeolaíocht Ghinearálta agus sa tSean-Lochlainnis déanta aige in Ollscoil Zürich agus Ollscoil na hÍoslainne, Reykjavík. Is ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann é (Leas-Uachtarán 2009–2013) agus Ball Eachtrach d’Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire. Uachtarán Societas Celto-Slavica, is comheagarthóir ginearálta é ar Studia Celto-Slavica. I measc a chuid foilseachán mar údar agus mar chomheagarthóir tá Immram Brain: Bran’s Journey to the Land of the Women (1985), Collins Gem Irish Dictionary, Collins Gem Pocket Dictionary (1995, 1997), On the Definite Article and Definite Descriptions in Irish (2007), Miscellanea Celtica in Memoriam Heinrich Wagner (1997), Parallels between Celtic and Slavic (2006), Ireland and Armenia: Studies in Language, History and Narrative (2012), Celtic Cosmology (2014).

Séamus Mac Mathúna is Professor Emeritus of Irish (1980–2014) and former Director of the Irish and Celtic Studies Research Institute, Ulster University. He was previously Lecturer in Celtic Languages and Literatures, University of Uppsala (1970–74), and Statutory Lecturer in Modern Irish at University College, Galway (1976–80). He took his undergraduate and doctoral degrees in Celtic Studies and English at Queen’s University, Belfast, and carried out postgraduate work in Indo-European, Old Norse and Linguistics at the University of Zürich and the University of Iceland, Reykjavík. He is a member of the Royal Irish Academy (Vice-President 2009–13) and Corresponding Member of the Austrian Academy of Sciences. President of Societas Celto-Slavica, he is joint General Editor of the society’s journal, Studia Celto-Slavica. His published work as author and co-editor includes Immram Brain: Bran’s Journey to the Land of the Women (1985), Collins Gem Irish Dictionary (1995), Collins Pocket Irish Dictionary (1997), On the Definite Article and Definite Descriptions in Irish (2007), Miscellanea Celtica in Memoriam Heinrich Wagner (1997), Parallels between Celtic and Slavic (2006), Ireland and Armenia: Studies in Language, History and Narrative (2012), Celtic Cosmology (2014).

Share this portrait:

Tá an saol eile suite in áiteanna éagsúla i dtraidisiún na hÉireann – i síbhrúnna thíos faoin talamh, ag bun lochanna nó faoin fharraige, agus ar oileáin trasna na farraige nó ar chósta na hÉireann. Bíodh go léirítear an saol sin mar shaol síochánta sócúil go minic, tá dorchacht agus uafás ag baint leis chomh maith agus is léir ósna scéalta a bhaineann le hUaimh Chrúachan agus uaimheanna eile gur breathnaíodh ar a leithéid de láithreacha mar dhoirse isteach chuig an saol eile nó chuig domhan faoi thalamh a raibh scáth agus scéin agus fórsaí an olcais ag baint leis. Ní hiontas mar sin traidisiún sin an uafáis a bheith ar fáil i dtraidisiún na Críostaíochta in Éirinn agus gur tosaíodh ag breathnú ar chuid d’uaimheanna móra na hÉireann mar láithreacha a raibh ifreann suite iontu nó ina raibh bealach iontrála iontu go hIfreann. Tá tagairt luath i gCath Maige Mucrama don traidisiún maidir le hUaimh Chrúachan go mba: dorus ifirnn na Hérend sin, ‘Ireland’s Gate to Hell’.

Séamus Mac Mathúna, sliocht as ‘Úath, Uaimh agus Ifreann: Duibheagáin an Uafáis i dTraidisiún na Gaeilge’ in Atlantic Currents: Essays on Lore, Literature and Language/Sruthanna an Aigéin Thiar: Aistí ar Sheanchas, ar Litríocht agus ar Theanga. Aistí in Onóir do Shéamas Ó Catháin, lch 332 (Preas Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, 2012)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00