Philip Cummings

Philip Cummings

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 24 October 2012

Setting: An Chultúrlann, Belfast

Genres: Poet, Satirist, Columnist

Rugadh i mBéal Feirste é in 1964, é ina chónaí anois gar don Mhuine Ghlas, Contae Aontroma. Bhuaigh Néalta (Coiscéim, 2005), a chéad chnuasach filíochta, duais na Gaeilge Glen Dimplex 2006 agus bhí sé ar an ghearrliosta don Rupert and Eithne Strong Award 2006. Bhí an dara cnuasach leis, An Fear sa Ghealach (Coiscéim, 2010), ar an ghearrliosta do Ghradam Filíochta Mhichíl Uí Airtnéide 2012. Foilsíodh an tríú cnuasach, ad delectationem stultorum (Coiscéím) in 2012. Tá duaiseanna Oireachtais bainte aige don léirmheastóireacht ar an fhilíocht agus do dhráma raidió, agus bhuaigh dán leis, 'Conla', Corn Uí Néill 2013. Bhí sé ina eagarthóir ealaíne le Lá Nua ó 2003 go dtí 2008, áit ar scríobh sé colún greannmhar aorach. Foilsíodh díolaim de na colúin in Dar Liom (Coiscéim, 2008).

Born in Belfast in 1964, now living near Moneyglass in County Antrim. His first poetry collection Néalta (Coiscéim, 2005) won the Irish Language Prize in the Glen Dimplex New Writers Awards 2006 and was shortlisted for the Rupert and Eithne Strong Award 2006. His second collection, An Fear sa Ghealach (Coiscéim, 2010), was shortlisted for the Michael Hartnett Poetry Award 2012. His third collection, ad delectationem stultorum (Coiscéim), was published in 2012. He has won Oireachtas prizes for poetry review and radio drama, and his poem 'Connla' won the 2013 Corn Uí Néill. He was arts editor of Lá Nua from 2003 to 2008 where he wrote a humorous, satirical column. A selection of the columns was published as Dar Liom (Coiscéim, 2008).

Birth date: 1964

Place of birth: Belfast, Co. Antrim

Share this portrait:

(viii) Geantraí na Gealaí


Mise an tsúil shíoraí i ndorchacht d’oíche;
ní néalta a mhúchfaidh mo sholas, ná m'fhírinne.

Trá is taoide, taoide is trá, mise a rialaíonn iad,
go míosúil, dar leatsa; go buan, dar liom.

Solas na gealaí ag lonrú ar chladaí
airgead domheasta i gcaitheamh na gcianta

leanaí is leannáin a thuigeann a luachsan
taisce dochaite is tógáil do chian

iarrtar a mhúchadh le bréagshoilse sráide,
siopaí nach ndruideann, gile nach léiríonn

bhí mé ann sula raibh siad, beidh mé ann ina ndiaidh
nuair a mhúchfar a ngile beidh mé geal mar a bhí

lonróidh mé fós ar ardbhealach oileáin
ag cealú an dorchadais don té a chíonn

beidh tú dall mar a bhí tú in ionathar do mháthar
is ní bhainfidh mé clúmh de shúile nach bhfaca

cos ar bholg, ar chíoch, ar phit, ar bhroinn,
géarleanúint na mban trí chasadh na mblianta,

cogar mé seo leat, a fhéileacáin oíche,
nár chuala tú riamh gíog is lú dár bpianta?

Philip Cummings, dán as An Fear sa Ghealach, lch 11 (Coiscéim, 2010)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00