Pádraig Standún

Pádraig Standún

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 11 August 2011

Setting: Carna, Co. Galway

Genres: Novelist

Rugadh Pádraig Standún i mBaile Dabhac i bparóiste Bhalla Álainn, idir Caisleán an Bharraigh agus Clár Chlainne Mhuiris i 1946. Tá cúig bliana is dhá scór bliain caite aige mar shagart in Ard-deoise Thuama ag freastal ar phobail Gaeltachta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, in Inis Oírr agus Inis Meáin (Oileáin Árann), ar an gCeathrú Rua, i dTuar Mhic Éadaigh, agus anois i gCarna. Tá trí leabhar agus fiche foilsithe aige idir úrscéalta, scéal faoina shaol mar shagart (Eaglais na gCatacómaí) agus stair áitiúil (Tuar Mhic Éadaigh sa Stair agus Seanchas). Tháinig an t-aonú úrscéal déag uaidh, I gCóngar i gCéin (Cló Iar-Chonnacht, 2011), ar an saol le deireanas, scéal a bhuaigh Duais Ficsean Éadrom an Oireachtais in 2009. Tá sé cinn d’úrscéalta foilsithe i mBéarla, an ceann is deireanaí Godfool (AuthorHouse, 2011). Tá leagan de An tAinmhí foilsithe i nGearmáinis, Polainnis agus Rómáinis. Le gairid tháinig leagan Bulgáirise dá chéad úrscéal, Súil le Breith (Cló Chonamara, 1983) ar an bhfód. Tá na ‘Fir Boilg’ agus a gcuid ban á léamh ar deireadh. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht Ar Nós An Pháiste (2012), Coranna (2013) agus Coolbáire (2014).

Pádraig Standún was born in the village of Ballydavock in the parish of Balla, between Castlebar and Claremorris, in 1946. He has spent the past forty five years as a priest of the Archdiocese of Tuam in the Gaeltacht areas of Counties Galway and Mayo, Inis Oírr and Inis Meáin in the Aran Islands, an Cheathrú Rua (Carraroe), Tuar Mhic Éadaigh (Tourmakeady), and now in Carna. He has twenty-three books published between novels, the story of his life as a priest, and local history and folklore gathered during his fifteen years in Tourmakeady. Standún’s most recent novel, I gCóngar I gCéin, was published in 2011 by Cló Iar-Chonnacht who have also published ten other of his books. Six novels, partly translation, partly rewrites, have been published in English, the most recent, Godfool by AuthorHouse (Authorhouse.co.uk), and German, Polish and Romanian versions of An tAinmhí (The Anvy) are available online. He is particularly pleased with a recently published Bulgarian version of his first novel, Súil le Breith, as he does not recognise a letter, never mind a word of it.

Birth date: 1946

Place of birth: Ballydavock, Co. Mayo

Share this portrait:

B’í Margie, bean an tSiopa a thug An Diabhailín air, mo dhuine a raibh an scannán á léiriú aige, de chéaduair. Lá an phinsin a bhí ann agus bhí beirt nó triúr de na seanóirí istigh le haghaidh páipéar an lae nó tae nó siúchra a cheannacht ar a mbealach ón Aifreann. Na 'holy Joes' a thugadh Margie orthu nuair nach raibh said ag éisteacht, ach bhí a gcuid airgid chomh maith leis an sóinseáil a bhí ag duine ar bith eile. Ba mhinic nach bhfeicfeadh sí duine ar bith ach iad as sin go ham lóin seachas dream na leoraithe a thagadh anuas as Maigh Eo leis na huibheacha agus arán, feoil agus fataí. Deireadh an sagart go raibh sé aisteach nach raibh muintir na Gaillimhe in ann na rudaí sin a chur ar fáil do mhuintir na Gaillimhe féin. Ba chuma leis i ndáiríre, mar is óna chontae dúchais a tháinig an t-ábhar sin uilig, ispíní ón Éill nó Baile Uí Fhiacháin, arán agus iasc reoite ó Bhaile an Róba, uibheacha ó Bhalla, chomh maith le cácaí milse ó Bhéal Easa. 'Más fíor an ráiteas: “You are what you eat,” is as Maigh Eo sibh ar fad,”' a deireadh sé, ar nós go raibh buille marfa na muice buailte aige ar Ghaillimigh uilig an tsaoil.

“Meas tú cé hé?” a d’iarr Taim Dharach faoin bhfeairín beag leis an gcroiméal mór agus an ghruaig dhubh greamaithe dá chloigeann. Bhí cuma neirbhíseach air agus é ag breathnú ar chinnlínte na nuachtán, ar nós go raibh sé i gceist aige breith ar cheann de na páipéir agus rith amach as an siopa. “Meas tú an mbeidh Margie in ann coinneáil suas leis má ritheann sé?” a d’iarr Taim air féin. Rinne sé gáire beag: “Ghabhfadh an ceann sin píosa fada i ndiaidh euro.”

Pádraig Standún, sliocht as Mac Dé, Cé Hé?