Pádraig Mac Fhearghusa

Pádraig Mac Fhearghusa

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 11 September 2011

Setting: Tralee, Co. Kerry

Genres: Editor, Poet, Journalist

Rugadh Pádraig Mac Fhearghusa i mBéal Átha Fhinín in Iarthar Chorcaí i 1947. Tar éis freastal ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, bhain sé céim BA amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1970 i nGaeilge, Stair agus Fealsúnacht, agus Ardteastas san Oideachas i gColáiste na Tríonóide. Ba bhunmhúinteoir é go dtí 1975 nuair a d’aistrigh sé go dtí Meánscoil an Leitriúigh i gCiarraí. Bhunaigh sé Scoil Lán-Ghaeilge Mhic Easmainn i dTrá Lí i 1978, agus chaith tréimhse fhada ina chathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, scoil dara leibhéal ar chuaigh sé i mbun a bhunaithe mar chathaoirleach ar an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge. I 1995 tháinig Conradh na Gaeilge i gCiarraí uaidh. Tá go leor eagarthóireachta Gaeilge déanta aige. D’fhoilsigh an Clóchomhar a chéad leabhar filíochta, Faoi Léigear, i 1980. Ghnóthaigh na cnuasaigh Mearcair agus An Dara Bás príomhdhuaiseanna filíochta an Oireachtais. I 1997 a foilsíodh Tóraíocht an Mhíshonais, méar ar eolas ar Freud agus Jung. Geasa, 2011, an cnuasach filíochta is déanaí uaidh. Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, 2008-2011. Tá sé ina eagarthóir ar an míosachán Feasta ó 1996.

Pádraig Mac Fhearghusa was born in Ballineen, West Cork. He graduated with a BA from University College Dublin in 1970 in Irish, History and Philosophy, and a H. Dip. in Education from Trinity College, Dublin, the following year. He remained a primary teacher until 1975, when he transferred to Meánscoil an Leitriúigh in Kerry. He founded Gaelscoil Mhic Easmainn, Tralee, in 1978, and later became chairperson of Gaelcholáiste Chiarraí, the foundation of which he organised as chairperson of Tralee branch of Conradh na Gaeilge and of Gaelscoil Mhic Easmainn. He produced a history of Conradh na Gaeilge in Kerry in 1995. He has edited various publications in Irish. An Clóchomhar published his first poetry collection, Faoi Léigear, in 1980. Mearcair (Coiscéim, 1996) and An Dara Bás (Coiscéim, 2002), were both awarded the Oireachtas Poetry Prize. In 1997 Coiscéim published his Tóraíocht an Mhíshonais (The Pursuit of Unhappiness), an Irish-language introduction to Freud and Jung. Geasa (2011) is his latest poetry collection. He served as president of Conradh na Gaeilge, 2008–2011. He edits the literary monthly, Feasta.

Birth date: 1947

Place of birth: Ballineen, Co. Cork

Share this portrait:

Aisling dhoilfe


Déagóir a bhí ann, seacht mbliana déag,
Ní bhaineann ainm an bhuinneáin le hábhar,
Ba dhuine é ar nós garsúna eile,
Speabhraídí na hóige air is ainnir fairis,
Sin an saol— níl dul ag aon a sheachnadh!
Ba dhóigh leis ar feadh scaithimh
Is ní móide nár chreid sise,
Gur bhain a meanma dhiamhair féin
Le gach sráid, gach páirc,
Gach greim gasta dár thaithíodar
Ar fud a nDuibhlinne Abhlaí.
Ach tharla lá t’réis válcaeireachta
Fá lár a gcathrach dóibh, gur fhilleadar
’dtí an stáisiún bus le haghaidh a sé,
Is chuaigh a radharc araon in ascar
I bpáipéar milseán ar phaiste doilfe ola;
D’úsc a oiread doircheachta
Aníos as an gcneá mheabhail úd,
Gur leath brat crón os cionn a bhFia fuinidh,
Is d’éag a nEamhain faoi luí mhiodóg an Bhodaigh.

Pádraig Mac Fhearghusa, dán as Mearcair, lch 24 (Coiscéim, 1996)