Pádraig Mac Fhearghusa
Genres: Editor, Poet, Journalist
Rugadh Pádraig Mac Fhearghusa i mBéal Átha Fhinín in Iarthar Chorcaí i 1947. Tar éis freastal ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, bhain sé céim BA amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1970 i nGaeilge, Stair agus Fealsúnacht, agus Ardteastas san Oideachas i gColáiste na Tríonóide. Ba bhunmhúinteoir é go dtí 1975 nuair a d’aistrigh sé go dtí Meánscoil an Leitriúigh i gCiarraí. Bhunaigh sé Scoil Lán-Ghaeilge Mhic Easmainn i dTrá Lí i 1978, agus chaith tréimhse fhada ina chathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, scoil dara leibhéal ar chuaigh sé i mbun a bhunaithe mar chathaoirleach ar an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge. I 1995 tháinig Conradh na Gaeilge i gCiarraí uaidh. Tá go leor eagarthóireachta Gaeilge déanta aige. D’fhoilsigh an Clóchomhar a chéad leabhar filíochta, Faoi Léigear, i 1980. Ghnóthaigh na cnuasaigh Mearcair agus An Dara Bás príomhdhuaiseanna filíochta an Oireachtais. I 1997 a foilsíodh Tóraíocht an Mhíshonais, méar ar eolas ar Freud agus Jung. Geasa, 2011, an cnuasach filíochta is déanaí uaidh. Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, 2008-2011. Tá sé ina eagarthóir ar an míosachán Feasta ó 1996.
Pádraig Mac Fhearghusa was born in Ballineen, West Cork. He graduated with a BA from University College Dublin in 1970 in Irish, History and Philosophy, and a H. Dip. in Education from Trinity College, Dublin, the following year. He remained a primary teacher until 1975, when he transferred to Meánscoil an Leitriúigh in Kerry. He founded Gaelscoil Mhic Easmainn, Tralee, in 1978, and later became chairperson of Gaelcholáiste Chiarraí, the foundation of which he organised as chairperson of Tralee branch of Conradh na Gaeilge and of Gaelscoil Mhic Easmainn. He produced a history of Conradh na Gaeilge in Kerry in 1995. He has edited various publications in Irish. An Clóchomhar published his first poetry collection, Faoi Léigear, in 1980. Mearcair (Coiscéim, 1996) and An Dara Bás (Coiscéim, 2002), were both awarded the Oireachtas Poetry Prize. In 1997 Coiscéim published his Tóraíocht an Mhíshonais (The Pursuit of Unhappiness), an Irish-language introduction to Freud and Jung. Geasa (2011) is his latest poetry collection. He served as president of Conradh na Gaeilge, 2008–2011. He edits the literary monthly, Feasta.