Paddy Bushe

Paddy Bushe

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 17 December 2012

Setting: Co. Kerry

Genres: Editor, Poet

Rugadh Paddy Bushe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1948. Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tar éis cúpla bliain a chaitheamh san Astráil, chuir sé faoi lena bhean is a bheirt chlainne in Uíbh Ráthach i gCiarraí, áit a raibh sé ag múineadh scoile go dtí 1990. Bíonn sé féin agus Fíona, a bhean chéile, gafa go mór le saol cultúrtha an cheantair. Scríobhann sé filíocht i mBéarla agus i nGaeilge, agus bíonn sé ag plé freisin le haistriúchán na filíochta. Tá a chuid filíochta lonnaithe go doimhin i dtaobh tíre Uíbh Ráthaigh — an mhiotaseolaíocht, an stair, an seanchas agus an dúthaigh álainn féin, go háirithe draíocht agus diamhaireacht Sceilg Mhichíl. Tá roinnt mhaith taistil déanta aige ó d’éirigh sé as an mhúinteoireacht, agus tá tionchar an taistil sin le léamh freisin ar a chuid scríbhneoireachta. Is ball d'Aosdána é.

Paddy Bushe was born in Dublin in 1948. He was educated at Coláiste Mhuire and University College Dublin, before spending two years in Australia. In 1973, he settled in Waterville, Co. Kerry, with his wife and two children, and was teaching there until 1990. He and his wife, Fíona, are very involved in the cultural life of the area. He writes in both English and Irish, and is also an editor and translator. His poetry is deeply rooted in the landscape of Iveragh — its mythology, its history and its physical beauty, especially the otherworldly magic of Skellig Michael. Since retiring from teaching, he has travelled quite a bit, and this also has been an influence on his writing. He is a member of Aosdána. 

Birth date: 1948

Place of birth: Dublin

Share this portrait:

Freagra Scéine ar Aimhirghin

Más tusa gaoth na mara
Is mé an fharraige om shearradh féin faoid leoithne
Más tonn díleann thú
Is sliogán folamh mé ag tnúth led theacht
Más tú gáir na stoirme
Is mé lapadaíl na taoide i mbrothall nóna
Más damh seacht mbeann thú
Tiocfad go mánla chugat ar aiteann
Más seabhac thú ar an bhfaill
Beannód thú le liricí fuiseogacha
Más deoir drúchta faoin ngréin thú
Brúfad féar na maidne leat
Más tú is áille a fhásann
Bláthód leat bliain ar bhliain
Más torc ar mire thú
Cuirfead geasa gháire ar na fiacla fada agat
Más bradán thú sa linn
Meallfad cuileoga ina gcéadta chugat
Más loch ar mhá thú
Raghad go tóin poill ionat
Más tú rún na héigse
Mise na naoi mBéithe agat
Má bhíonn faobhar ort chun troda
Cuirfead ceangal na ceanúlachta ort
Má bhíonn tinfeadh á adhaint sa cheann agat
Séidfead síol na tine duit

Tá fhios ag mo chroí istigh cé réitigh an bealach dom,
Cé ba réalt eolais, cé bhronn grian agus gealach orm,
Is in ainneoin na gcloch seo, agus an solas ag dul in éag,
Mairfead scáth ar scáth leat, focal ar fhocal leis an ngaoth.

lch 2 In Ainneoin na gCloch (Coiscéim, 2001)