Mícheál Ó Mainnín

Mícheál Ó Mainnín

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 24 October 2012

Setting: An Chultúrlann, Belfast

As Contae Shligigh dó agus is céimí é de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Ollscoil na Banríona Béal Feirste. Tá sé ina ollamh le Gaeilge agus an Léann Ceilteach in Ollscoil na Banríona agus tá spéis ar leith aige sa teangeolaíocht, sa litríocht, agus i gcaidreamh na hÉireann le Gaeltacht na hAlban. Tá ábhar foilsithe aige ar an gcanúineolaíocht, ar an ainmeolaíocht, is ar litríocht is léann na meánaoise in Éirinn agus in Albain. Is é a bhunaigh an iris acadúil Léann agus tá sé ina stiúrthóir ar Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann agus ar an mbunachar leictreonach a bhaineann leis (www.placenamesni.org). Tá leagan leictreonach á réiteach faoina cheannas den Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects le Heinrich Wagner (i gcomhpháirt le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath). Tá taighde eile á stiúradh aige ar an téama ‘teanga, féiniúlacht is réiteach coinbhleachta’ a eascraíonn as a chuid oibre don Tionscadal Logainmneacha agus as a thaithí ar pholaitiú teanga i bpobal deighilte.

A native of Co. Sligo and graduate of NUI Galway and Queen’s University Belfast. He is a Professor of Irish and Celtic Studies in Queen’s University Belfast and has particular interest in linguistics, literature, and relations between Ireland and Gaelic Scotland. He has published in the fields of dialectology and onomastics, and on aspects of the literary and learned traditions of Gaelic Ireland and Scotland. He is the founder of the academic journal Léann and is Director of the Northern Ireland Place-Name Project and of its electronic database (www.placenamesni.org). An electronic version of Heinrich Wagner’s Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects is currently been prepared under his leadership (in collaboration with the Dublin Institute for Advanced Studies). He is also leading research on the theme of ‘language, identity and conflict resolution’ which has evolved out of his work on the Northern Ireland Place-Name Project and experience of the politicization of language in a divided society.

Birth date: 5 July 1964

Place of birth: Sligo

Share this portrait:

Ní lámhscríbhinn é Leabhar Dhéan Leasa Mhóir a bhfuil aon bhaint fhoirmeálta ag na teaghlaigh léannta leis. Is é Fionnlagh Ruadh an file gairmiúil Albanach is mó a bhfuil dánta aige sa chnuasach; is beag an t-ionadh é sin mar ba é Eoin (†1519), taoiseach Chlann Ghriogóir, an pátrún a bhí aige. Ní léir aon bhaint a bheith aige le Clann Domhnaill ach an oiread; cinneann sé ormsa, go deimhin, lámhscríbhinn de dhéanamh radacach LDLM a shamhlú leis na Domhnallaigh ar chor ar bith. Ní hé nach bhfuil an lámhscríbhinn chomh traidisiúnta Gaelach le lámhscríbhinní eile Gaeilge ar bhealaí áirithe; féach na cineálacha filíochta atá ar marthain inti is an méid ábhair a fuarthas ó Éirinn. Ach tá fianaise ann ar thuiscint úr ag teacht chun cinn i ndúiche Mhic Cailéin, tuiscint a raibh an Gaelachas is an tAlbanachas táite le chéile inti ar bhealach sainiúil. Faoin am ar thoisigh Eoin Carsuel ar a shaothar siúd, Foirm na n-Urrnuidheadh, tamall de bhlianta níos déanaí ba léir nach mbeadh glacadh go coitianta leis an treo úr seo i gcúrsaí litrithe is go raibh buntáistí níos mó ag baint leis an gcóras sin a bhí i gcoitinne ag ‘Gaoidhil Alban agus Éireand’. 

Mícheál B. Ó Mainnín, sliocht as ‘Gnéithe de Chúlra Leabhar Dhéan Leasa Mhóir’, Téada Dúchais. Aistí in Ómós don Ollamh Breandán Ó Madagáin, in eagar ag Máirtín Ó Briain & Pádraig Ó Héalaí, lgh 395-422 (Indreabhán, Galway 2002)