Mícheál Ó Mainnín
Genres: Editor, Academic writer, Toponymist
As Contae Shligigh dó agus is céimí é de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Ollscoil na Banríona Béal Feirste. Tá sé ina ollamh le Gaeilge agus an Léann Ceilteach in Ollscoil na Banríona agus tá spéis ar leith aige sa teangeolaíocht, sa litríocht, agus i gcaidreamh na hÉireann le Gaeltacht na hAlban. Tá ábhar foilsithe aige ar an gcanúineolaíocht, ar an ainmeolaíocht, is ar litríocht is léann na meánaoise in Éirinn agus in Albain. Is é a bhunaigh an iris acadúil Léann agus tá sé ina stiúrthóir ar Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann agus ar an mbunachar leictreonach a bhaineann leis (www.placenamesni.org). Tá leagan leictreonach á réiteach faoina cheannas den Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects le Heinrich Wagner (i gcomhpháirt le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath). Tá taighde eile á stiúradh aige ar an téama ‘teanga, féiniúlacht is réiteach coinbhleachta’ a eascraíonn as a chuid oibre don Tionscadal Logainmneacha agus as a thaithí ar pholaitiú teanga i bpobal deighilte.
A native of Co. Sligo and graduate of NUI Galway and Queen’s University Belfast. He is a Professor of Irish and Celtic Studies in Queen’s University Belfast and has particular interest in linguistics, literature, and relations between Ireland and Gaelic Scotland. He has published in the fields of dialectology and onomastics, and on aspects of the literary and learned traditions of Gaelic Ireland and Scotland. He is the founder of the academic journal Léann and is Director of the Northern Ireland Place-Name Project and of its electronic database (www.placenamesni.org). An electronic version of Heinrich Wagner’s Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects is currently been prepared under his leadership (in collaboration with the Dublin Institute for Advanced Studies). He is also leading research on the theme of ‘language, identity and conflict resolution’ which has evolved out of his work on the Northern Ireland Place-Name Project and experience of the politicization of language in a divided society.