Máire Ní Annracháin
Genres: Reviewer, Academic writer
Is Ollamh le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, í Máire Ní Annracháin ó 2009, agus roimhe sin chaith sí blianta ag léachtóireacht in Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis aici sa teoiric liteartha agus i nualitríocht Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban araon. Ar fhilíocht Shomhairle MhicGill-Eain a bunaíodh a tráchtas dochtúireachta, a foilsíodh faoin teideal Aisling agus Tóir: an Slánú i bhfilíocht Shomhairle MhicGill-Eain (An Sagart, 1992). Tá os cionn leathchéad alt acadúil scríofa aici agus roinnt imleabhar curtha in eagar aici féin nó i gcomhar le comheagarthóirí. Baineann na hailt is deireanaí léi le leanúnachas an traidisiúin liteartha agus le teanga fhíortha fhilíocht na Gaeilge. Tá comhaltachtaí taighde gnóthaithe aici in Éirinn, in Albain agus i Sasana a thacaigh léi in a cuid taighde, agus tá tréimhsí taighde caite aici i bPáras, i nDún Éideann, ar an Oileán Sgitheanach agus i Londain. Chaith sí roinnt blianta ina cathaoirleach ar Glór na nGael, ina ball de choiste stiúrtha Shabhal Mòr Ostaig in Albain agus de Choimisiún na Logainmneacha. Tá beirt pháistí tógtha aici féin agus ag a fear céile.
Máire Ní Annracháin is Professor of Modern Irish in University College Dublin since 2009, before which she lectured for many years in Maynooth University. Her main academic interests are literary theory and modern literature in Irish and Scottish Gaelic. Her Ph. D. thesis was on the poetry of Sorley McLean, published as Aisling agus Tóir: an Slánú i bhfilíocht Shomhairle MhicGill-Eain. She has written more than fifty academic articles and has edited academic publications in collaboration with colleagues from Ireland and Scotland. Her most recent articles relate to the resilience of the Gaelic literary tradition and to figurative language in Irish and Scottish Gaelic poetry. Her research has been supported by fellowships from Ireland, Scotland and England; she has spent periods of research in Paris, Edinburgh, the Isle of Skye and London. She spent a number of years as Chair of Glór na nGael, on the board of governors of Sabhal Mòr Ostaig in Scotland and on the Irish Placenames Commission. She is married with two adult children.