Liam P. Ó Murchú

Liam P. Ó Murchú

Photographer: Seán Ó Mainnín

Usage rights: COMHAR

Date: 29 August 2019

Setting: Cork City

Sa Linn Dubh i gCathair Chorcaí a rugadh Liam P. Ó Murchú sa bhliain 1952. Cuireadh scolaíocht air sa Mhainistir Thuaidh.

Bhain sé an chéim BA sa Ghaeilge agus sa Stair amach in 1972 i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Shaothraigh an chéim MA san ollscoil chéanna sa bhliain 1975 ar chanúint Ghaeilge an Chláir faoi stiúir an Ollaimh R. A. Breatnach.

Scoláireachtaí i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath faoi na hOllúin Breandán Ó Buachalla, Brian Ó Cuív agus Dáithí Ó hUaithne sna blianta 1975–78.

Ba Léachtóir sa Nua-Ghaeilge é in Ollscoil Chorcaí 1979–2017. Is iad na réimsí scolártha is suim leis: filíocht agus stair fhilíocht na Gaeilge ó thúis go dtí an aimsir seo; filíocht na Scol; forbairt agus saothrú na filíochta aiceanta ó c. 1600 ar aghaidh; fás na gcanúintí Gaeilge; litríocht an Oileáin Tiar; teanga agus traidisiúin bhéil agus liteartha Chorca Dhuibhne. Tá Cúirt an Mheon-Oíche in eagar aige as lámhscríbhinn an údair Brian Merriman agus leabhar tráchtaireachta foilsithe ar chúlra agus foinsí na Cúirte aige.

Bhronn Ollscoil na hÉireann an chéim DLittCelt air in 2015 as ucht a chuid foilseachán. Tá sé pósta le Marian Ní Chíobháin ón nGráig, Paróiste an Fheirtéaraigh, Ciarraí.

Liam P. Ó Murchú was born in the suburb of Blackpool, in Cork City in 1952. He was educated under the Christian Brothers in the North Monastery, Cork. He holds the BA degree in Irish and History from University College, Cork (1972) and studied for the MA degree under Professor R. A. Breatnach in UCC. He held three successive scholarships in the School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies (1975–78) under Professors Breandán Ó Buachalla, Brian Ó Cuív and David Greene. He lectured in Modern Irish in University College, Cork from 1979 to 2017. His scholarly interests include Irish language poetry from its early beginnings to the present day, in particular the works of Brian Merriman and Dáibhí Ó Bruadair. Another area of interest are the language, traditions and literature of West Kerry.

The National University of Ireland awarded him the degree DLittCelt propter opera edita in 2015.

Birth date: 1952

Share this portrait:

Níl aon amhras orm ná go mbainfeadh O’Connor an t-adhmad ceart agus earraíocht níos fearr as gach a bhfuil sna línte seo dá mbeadh lántuiscint aige orthu, mar bhí gá aige, in aimsir an aistriúcháin a dhéanamh, le gach maide a gheobhadh sé chun a láimhe chun an chléir a bhualadh agus fonn air na maidí sin a chur i bhfeidhm ar an gcléir. An teannas a bhí idir intleachtóirí agus lucht ealaíona ar thaobh agus An Eaglais Chaitliceach agus an Stát ar an taobh eile, bhí sé in airde láin agus b’fhada ó thrá é sna daichidí tosaigh den bhfichiú haois in Éirinn. Ceisteanna cinsireachta agus cearta machnaimh agus oipineoin a chur in úil go poiblí an cnámh spairne a bhí idir an dá threibh. Ba dhóigh leat ar O’Connor agus ar an gcuma ina dtáinig sé in imeall fhormhór an tsleachta seo ar mhianta agus ar ghníomhartha collaí na cléire, mar léirítear sa Chúirt iad, go bhfuair sé an chaoi a bhí uaidh chun an gomh agus an míshásamh go léir a bhí air timpeall an ama seo a agairt ar chléir a aimsire féin. Bhí téacs ar a aghaidh amach aige a fáisceadh as traidisiún Gaelach na hÉireann céad agus seasca bliain roimhe sin agus é d’aidhm ag Stát neamhspleách, nua-bhunaithe a aimsire féin an saol agus an cultúr Gaelach san a athbheochan agus a chur i réim in athuair. Cléir Chaitliceach na hÉireann, áfach, le linn O’Connor, ba bheag orthu an tagairt ba neafaisí agus ba shaonta don chollaíocht i leabhar, i ndráma ná i scannán agus bhí an Stát i bpáirt leo agus lántsásta bata na cinsireachta a thabhairt sa drom d’aon saothar nár tháinig leis na caighdeáin mhorálta a bhí leagtha síos ag an údarás eaglasta. Ach b’ábhar deargtha leacan do chléir na hÉireann sa chéad leath den bhfichiú haois — an chuid acu a thuigfeadh é — an plé neamhbhalbh a dhein Merriman ar chollaíocht na sagart san ochtú haois déag. Ná deintear dearmad, leis, gur sa tréimhse seo is ea a tharla an chonspóid mar gheall ar leabhar Eric Cross, The Tailor and Ansty, agus ghoill an droch-úsáid náireach a tugadh don táilliúir Ó Buachalla bocht agus dá bhean go mór ar Frank O’Connor.

Fág is gur neamhbhalbh go maith a labhair Merriman ar chollaíocht na sagart ina mhórshaothar, ní chreidim go raibh cloch sa mhuinchille aige chucu mar aicme daoine; ní chreidim go raibh dearcadh frithchléireach aige féin mar dhuine, ná go raibh sé i gceist aige go mbeadh blas frithchléireach ar an gcuid seo dá dhán. Níor mhar a chéile sagairt na hÉireann le linn Mherriman agus le linn O’Connor. Léiríonn gnéithe d’fhilíocht na hochtú haoise déag ná raibh cléir na hÉireann le linn Mherriman ag dul ar a dteitheadh ón gcollaíocht dhaonna agus go raibh an chuid acu a chleacht an saol Gaelach sásta dul i ngleic — sa bhfilíocht, ach go háirithe — le ceisteanna a bhain le caidreamh na bhfear agus na mban ar a chéile. Má deintear leibhéal ar an gcléir sa chuid seo den óráid, ba leibhéal nó magadh é gur thuig an chléir dó agus go raibh comhthuiscint idir sagart is file ina thaobh. Ba bháidhiúil iad na sagairt agus na filí i saol Gaelach na hochtú haoise déag agus déarfainn gur bheag sagart den aicme Ghaelach a gcuirfeadh an sliocht úd de dhara hóráid na hógmhná ar an gcléir corrabhuais rómhór air.

Ó Murchú, Liam P., ‘Aistriúchán/-áin Frank O’Connor de Cúirt An Mheonoíche le Brian Merriman’ in Dillon, C. agus Ní Fhrighil, R. (eagarthóirí). Aistriú Éireann (lgh 131–45 [136–7]). Béal Feirste: Cló Ollscoil na Banríona (2008).