Liam Ó Muirthile

Liam Ó Muirthile

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Setting: Dublin

Alternate portrait: Portráid

Rugadh Liam i gcathair Chorcaí agus bhain sé Céim BA amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis. Bhí an Ríordánach agus an Riadach i mbarr a réime san ollscoil i gCorcaigh agus Liam ina mhac léinn ann. Bhí Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill agus Gabriel Rosenstock ag gabháil don Ghaeilge an tráth sin agus cuireadh tús leis an iris filíochta Innti agus iad san ollscoil. Bhí sé ar fhoireann lánaimseartha na Nuachta ag RTÉ ó 1973 go dtí 1993 nuair a thosaigh sé ag scríobh go lánaimseartha. Bhíodh colún seachtainiúil Gaeilge aige, An Peann Coitianta, in The Irish Times go dtí 2003. Ghnóthaigh sé duaiseanna Oireachtais dá chéad chnuasach filíochta, Tine Chnámh (1984), agus dá úrscéal, Ar Bhruach na Laoi (1995) agus dá úrscéal liteartha, An Colm Bán (2014), atá lonnaithe i bPáras. Tá dlúthdhiosca den fhile ag léamh i dteannta an chnuasaigh Sanas (2007). Úrscéal bleachtaireachta é Sceon na Mara (2010) atá lonnaithe ar chósta thoir na hÉireann. D’fhoilsigh Cois Life An Fuíoll Feá – Rogha Dánta/Wood Cuttings – New and Selected Poems i mí Feabhra 2013 — mórchnuasach filíochta dátheangach. Taibhíodh a dhrámaí Tine Chnámh (1984) in Amharclann de hÍde, Fear an Tae (1999) in Amharclann Lána Aindriú agus Liodán na hAbhann (1999). Cailleadh é i mBealtaine 2018.

Liam Ó Muirthile was born in Cork city and attended University College Cork. Seán Ó Riordáin and Seán Ó Riada were very influential in the university at this time and Seán Ó Tuama was Professor of Irish. Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill and Gabriel Rosenstock were contemporary students of Irish and they launched the acclaimed poetry publication Innti. Liam was a full-time member of the RTÉ news-staff from 1973 until he left in 1993 to devote his time to creative writing in Irish. He remained a full-time writer and freelance journalist. Liam was also a dramatist. Amharclann de hÍde produced his play Tine Chnámh in Dublin in 1993, Fear an Tae was produced in the Andrews Lane Theatre in 1995 and Liodán na hAbhann in 2000. His novel Ar Bhruach na Laoi won the major fiction award in the Oireachtas (1995). Liam was a member of Aosdána and died after a short illness in May 2018. 

Birth date: 1950

Place of birth: Cork

Death date: 18 May 2018

Links: Biography on Ainm.ie »

Share this portrait: