Liam Mac Cóil

Liam Mac Cóil

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 3 October 2011

Setting: Ráth Chairn, Co. Meath

Tá Liam Mac Cóil, a rugadh i mBaile Átha Cliath, ina chónaí i Ráth Chairn ó dheireadh na 1980idí. Tá sé ina stiúrthóir ar an gcomhlacht léirithe teilifíse, Scun Scan agus ina chomheagarthóir le Ruairí Ó hUiginn ar an iris liteartha bhliantúil, Bliainiris. I measc na n-aistriúchán atá foilsithe aige tá: Tiocfaidh lá (1977), aistriúchán ar Daw dydd (1974) le Ffred Ffransis, agus Saibhreas Chnoic Chaspair (1981), aistriúchán ar Trysor Bryniau Caspar (1976) le J. Selwyn Lloyd, agus Cití Cailleach (1997). Ba é An Dochtúir Áthas (1994) a chéad úrscéal agus ainmníodh é ar ghearrliosta dhuais litríochta The Irish Times. In Nótaí ón lár: dialann mhantach (2003), léirítear an raon spéise atá ag Mac Cóil agus an tuiscint atá aige ar an gcultúr Eorpach. Tá sraith úrscéalta eachtraíochta scríofa aige: An Litir (2012) agus I dTír Strainséartha (2014). Is é an t-úrscéal is déanaí uaidh ná An Choill (2016). Foilsíodh an t-úrscéal staire, Fontenoy (2005), in 2005 agus ghnóthaigh Liam Gradam Uí Shúilleabháin in 2006 don saothar céanna. Foilsíodh An Chláirseach agus an Choróin: Seacht gCeolsiansa Stanford (2010), a bhreathnaíonn ar chomhthéacs cultúrtha shaothar an chumadóra, Charles Villiers Stanford, i bhfoirm dialainne gan dátaí.

Liam Mac Cóil is an Irish-language novelist, a critic, and an essayist. Born in Dublin, Liam lives in the Gaeltacht of Ráth Cairn, County Meath. He has written six novels, including An Dochtúir Áthas (Doctor Joy), An Claíomh Solais (The Sword of Light), and Fontenoy, as well as a writer's journal, Nótaí ón Lár (Notes from the Centre), all published by Leabhar Breac. He has published a local history book on his hometown:The Book of Blackrock (Carraig Books, 1977). He is co-editor of the literary annual Bliainiris, and director of the publishing house, Carbad. He published a work of personal reflections on the composer Charles Villiers Stanford called An Chláirseach agus an Choróin in 2010. He has had work published in Comhar, Feasta, An Aimsir Óg and The Irish Times, as well as occasional contributions to Léachtaí Cholm Cille.

Birth date: 1952

Place of birth: Dublin

Share this portrait:

Seomra na gCuairteoirí:

An chéad uair riamh a tháinig mise isteach i gcathair na Gaillimhe ba tríd an nGeata Mór é, ar nós go leor eile. In éineacht le m'athair a bhí mé, agus mé ar nós duine a bhí á thabhairt chun a chrochta. Shíl mé gur as a mheabhair a bhí sé mé a thabhairt chuig a leithéid d'áit. Gleo agus boladh bréan, sin mar a chuir an chathair álainn sin í féin in iúl dom. Na tithe arda glasa ina dhá rang dhíreacha aduaine ag síneadh suas an tsráid uaim, an chloch shnoite shleamhain; dar liom gur i bpríosún a bhí mé.

Bhí an bheirt againn tuirseach traochta tar éis an turais – dhá lá dianmharcaíochta ón Leacán. Ba é deireadh an tráthnóna a bhí ann, i mí mheáin an Fhómhair; tóin tinn, cosa stromptha, an mheirtne sin a thagann ar dhuine tar éis lá iomlán a chaitheamh ar muin capaill. Idir sin agus na cnapanna móra cac capaill i lár na sráide, agus gach cineál duine ag dul soir is siar, brat nó léine ar chuid mhaith acu, culaith Shasanach ar chuid eile, agus gan aon duine acu ag tabhairt aon aird orainne – ní haon ionadh go raibh imní mhór orm faoina raibh romham.

Liam Mac Cóil, sliocht as I dTir Strainséartha, lch 9 (Leabhar Breac, 2014)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00