Liam Mac Amhlaigh

Liam Mac Amhlaigh

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Setting: Blackrock, Co. Dublin

Is Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, agus céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, é Liam Mac Amhlaigh. Tá suim thaighde aige i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge (go háirithe an nuafhilíocht, agus saothar Mhichael Davitt), i bhfoclóireacht na Nua-Ghaeilge agus stair theanga na Gaeilge san fhichiú haois. Rugadh i gCill Mhantáin agus tógadh i mBaile Átha Cliath é. Tá ailt foilsithe aige ar fhilí comhaimseartha eile mar Mháire Mhac an tSaoi agus Máirtín Ó Direáin. I bpáirt leis an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith, chuir sé eagar ar an gcnuasach aistí Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (Cló Iar-Chonnacht, 2012). Foilsíodh a chéad úrscéal, Teach na gColúr (Comhar, 2006), a bhuaigh duais i nDuaiseanna Liteartha an Oireachtais an bhliain sin. Tá dochtúireacht leis á cóiriú don chló ar ábhar na foclóireachta Nua-Ghaeilge san fhichiú haois. Tiocfaidh sé seo sna sála ar a leabhar Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008). É ina chomheagarthóir bunaidh ar an ríomhiris phiarmheasta acadúil COMHARTaighde (www.comhartaighde.ie) agus ina eagarthóir ar an gcartlann phórtráidí digiteacha, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (www.portraidi.ie).

Liam Mac Amhlaigh is an Associate Professor of Modern Irish in Maynooth University and a graduate of both Trinity College, Dublin and University College, Dublin. His research interests include contemporary Irish-language literature (especially modern poetry and the work of Michael Davitt), Modern Irish-language lexicography, and the history of the Irish language in the 20th century. Liam was born in Wicklow and raised in Dublin. He has published articles on other contemporary Irish-language poets such as Máire Mhac an tSaoi and Máirtín Ó Direáin. Together with Dr Caoimhín Mac Giolla Léith, he edited the collection of essays entitled Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin. His first novel, Teach na gColúr (Comhar, 2006) was published in 2006 and won a prize in the Oireachtas Literary Awards that year. His doctoral thesis on Irish-language lexicography in the 20th century is currently being prepared for publication, and follows his work, Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008). He is a regular commentator on current affairs in the broadcast media. He is a founding co-editor of the peer-reviewed academic journal COMHARTaighde (www.comhartaighde.ie), and the editor of the digital portrait archive Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (www.portraidi.ie).

Place of birth: Wicklow

Share this portrait:

Cruthaíodh na foclóirí seo go léir le haidhmeanna éagsúla a chur i gcrích, ach bhí caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge ar an sprioc ba lárnaí acu ar fad. Gan an áis fhoghlamtha atá le fáil iontu, is deacair a chreidiúint go mbeadh teacht chomh saoráideach ar úsáid leathan na teanga sa lá atá inniu ann. San achar ama atá idir chamáin i rith an leabhair, feictear an ghluaiseacht ó thraidisiún lámhscríofa na manach sa seachtú haois déag go dtí staraithe tuatacha ar spéis leo caomhnú eolais trí mheán na teanga. Sna sála orthu sin arís, bhí foclóirithe eile san ochtú haois déag ann a mheas nach mbeadh náisiúnachas faoi bhláth de cheal foclóra Ghaeilge. Tháinig an litearthacht i gceist chomh maith agus d’aithin ministéirí protastúnacha sa naoú haois déag go háirithe an tábhacht a bhain le léamh agus scríobh na Gaeilge a mhúineadh don ghnáthphobal le go mbeadh teacht níos éasca acu ar an mBéarla mar theanga.

Ó thús na hathbheochana, bhí gá le foclóirí cuimsitheacha dátheangacha mar thaca do scríbhneoirí nua cur síos a dhéanamh ar an saol. Soláthraíodh an deis sin dóibh le foclóirí éagsúla ag tús an chéid. Faoin Stát nua, bhí aidhm éagsúil ag lucht spreagtha na teanga – an Ghaeilge a dhaingniú sa chóras oideachais i rith an fichiú haois agus téarmaíocht nua-aimseartha a chumadh inti. Níor éirigh leis an Stát polasaí cuimsitheach foclóireachta a chur le chéile don Ghaeilge riamh, ach tugadh faoi bheartais áirithe aonaracha i lár an fichiú haois ar éirigh go maith leo.

Liam Mac Amhlaigh, ‘Réamhrá’, lch iii, Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00