Laoise Ní Chléirigh

Laoise Ní Chléirigh

Photographer: Lára Ní Mhaoláin

Usage rights: COMHAR

Date: 22 June 2021

Setting: Maynooth University

Is múinteoir bunscoile, léachtóir, scríbhneoir acadúil agus scríbhneoir don aos óg í Laoise. Scríobh sí An Uaigh (LeabhairCOMHAR, 2013) agus Na Laochra is Lú (An Gúm, 2012), a bhain áit ar ghearrliosta na bliana 2013 de chuid Leabhair Pháistí na hÉireann. Tá An Uaigh ar liosta théacsanna an CNCM do scoláirí na Sraithe Sóisearaí sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelcholáistí. Tá Laoise i mbun pinn ar an tsraith is déanaí uaithi agus foilseofar í sa bhliain 2022.

Is céimí ó Choláiste Oideachais Froebel agus Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Átha Cliath í, áiteanna ar bronnadh Bonn Vere Foster agus Duais Carlisle Blake uirthi dá cuid scoláireachta. Bhain sí an chéad áit san Eoraip amach dá cuid áiseanna oideachais dátheangacha a dhíríonn ar an mbith-eacnamíocht.

Oibríonn Laoise anois mar léachtóir le bunoideachas i Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas in Ollscoil Mhá Nuad. Tá an-spéis ag Laoise i litríocht na bpáistí, sa bhéaloideas, sa gheilleagar ciorclach mar ábhar plé sa bhunscoil, oideachas fhorbairt inbhuanaithe timpeallachta trí lionsa Froebelian éicifheimineach, oideachas allamuigh agus CLIL.

Scríobh Laoise pleananna dhátheagacha ceachta do bhunscoileanna agus don rian crann An Tairseach ar son Ollscoil Mhá Nuad, rian a dhéanann cur síos ar chrainn na hÉireann agus ar an mbéaloideas a bhaineann leo. Cónaíonn Laoise lena clann i gcontae Chill Mhantáin agus nuair nach mbíonn sí ag obair le mic léinn óga, bíonn sí ag scríobh do pháistí nó ag baint fad as a cosa i measc an dúlra.

Laoise is a primary school teacher, lecturer, academic writer and children’s writer. Her novels include An Uaigh (LeabhairCOMHAR, 2013) and Na Laochra is Lú (An Gúm, 2012), which was shortlisted for the Children’s Books Ireland Book of the Year 2013. An Uaigh is on the NCCA list of approved texts for Junior Cycle students in Gaeltacht schools and Gaelcholáistí. Laoise is currently working on her latest series of children’s books, which will be published in 2022.

A graduate of Froebel College of Education and Trinity College Dublin, Laoise was the recipient of the Vere Foster Medal and Carlisle Blake Award during her B. Ed. studies. Her most recent award was for her bilingual educational resources focusing on a bioeconomy which were awarded first place in Europe. Laoise now works as a lecturer in education at the Froebel Department of Primary and Early Childhood Education, in Maynooth University.

Her research interests include children’s literature, folklore, a circular economy as a topic for discussion in the primary classroom, environmental sustainable development education through a Froebelian ecofeminist lens, outdoor learning and CLIL. Most recently, Laoise co-wrote bilingual lesson plans for schools and The Tairseach Tree Trail for Maynooth University, a bilingual trail tracing the native trees of Ireland, with folklore sprinkled throughout! Laoise lives with her family in Wicklow, and when she is not working with future teachers, she is writing for children, or spending time in nature.

Share this portrait:

Taistealaíonn stríoc thintrí ó spuaic an tséipéil go dtí an reilig. Ritheann an stríoc i dtreo na leac uaighe atá ag titim de dheasca go bhfuil siad chomh sean sin. Chomh maith leis na daoine a cuireadh faoi bhun na leac sin, is iomaí duine eile scaipthe ar fud na reilige seo agus iad in uaigheanna gan ainm gan leac. Ba iad seo uaigheanna na mbocht. I gceann de na huaigheanna siúd, í dearmadta ag gach uile dhuine, tá cailín sé bliana déag d’aois fós ag streachailt léi. Buaileann an tintreach an crann darach atá ag luascadh anonn ‘is anall thar a huaigh gan leac. Agus leis an stríoc seo músclaítear an cailín óg ó ghéibheann na marbh. Tá sí ag fulaingt go mór, agus í ag dul i laige. A cuid anála thar a bheith tanaí. A ráta croí ag lagú. Tá a cosa reoite, ach le tréaniarracht, tarraingíonn sí a glúine suas lena hucht. Tá an dá rosta an-phianmhar, agus a rúitíní chomh maith. Ach in ainneoin na péine, brúnn sí a lámha ar thaobhanna na cónra agus le hiomlán an nirt atá fágtha inti, tugann sí cic don phainéal ag deireadh na cónra.

An Uaigh (LeabhairCOMHAR, 2013), lgh 6-7.

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00