Lára Ní Mhaoláin

Lára Ní Mhaoláin

Usage rights: COMHAR

Rugadh Lára Ní Mhaoláin i mBaile Átha Cliath. Bhain sí céim amach sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghréigis sa bhliain 2004, agus bronnadh Ph. D uirthi sa Ghaeilge sa bhliain 2008. Eagrán nua den scéal Rúraíochta Brisleach Mhór Mhaighe Muirtheimhne agus Deargruathar Chonaill Chearnaigh a bhí mar ábhar taighde aici. Rinne sí a cuid staidéir in Ollscoil Mhá Nuad. Chaith sí dhá bhliain i mbun taighde iardhochtúireachta leis an bhForas Feasa san Ollscoil ina dhiaidh sin, ag obair ar eagrán nua den scéal Rúraíochta Táin Bó Fliodhaise, agus chuaigh sí i mbun léachtóireachta i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad sa bhliain 2010. Cuireann sí spéis sa Rúraíocht agus san Fhiannaíocht, sa Nua-Ghaeilge Mhoch, sa phaileagrafaíocht agus i ngnéithe éagsúla den litríocht nua-aimseartha freisin.

Is grianghrafadóir í ina cuid ama féin freisin. Cuireann sí spéis i réimsí éagsúla na grianghrafadóireachta, mar shampla, grianghrafadóireacht sráide, grianghrafadóireacht taistil agus grianghrafadóireacht tírdhreacha. Bhí grianghraif dá cuid le fáil i dtaispeántais sna blianta 2014, 2015 agus 2016. Cuireann sí spéis ar leith i bportráidí, agus is mór aici a bheith páirteach in Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Lára Ní Mhaoláin was born in Dublin. She was awarded a BA in Nua-Ghaeilge and Ancient Greek in the year 2004, and a Ph. D in Nua-Ghaeilge in 2008. Her Ph. D research involved the production of a new edition of the Ulster Cycle tale entitled Brisleach Mhór Mhaighe Muirtheimhne agus Deargruathar Chonaill Chearnaigh (‘The Great Defeat of the Plain of Muirtheimhne and the Red Rout of Conall Cearnach’). She completed her studies in Maynooth University. She then spent two years engaged in postdoctoral research with the research institution An Foras Feasa, working on a modern edition of the Ulster Cycle tale Táin Bó Fliodhaise (‘The Cattle Raid of Fliodhais’), and began lecturing in Roinn na Nua-Ghaeilge in Maynooth University in 2010. Her research interests include the Ulster and Fenian Cycles, Early Modern Irish, paleography, and various aspects of modern Irish literature.

She is also an amateur photographer, whose areas of interest include street photography, travel photography and landscape photography. A number of her images have been displayed in exhibitions in 2014, 2015 and 2016. She has a keen interest in portrait photography, and is delighted to be a part of the Portraits of Irish-language Writers project.