Helen Ó Murchú

Helen Ó Murchú

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 21 June 2011

Setting: Dublin

Taithí aici ar mhúineadh ag na trí leibhéil den chóras oideachais. Bhí an-ghníomhach san earnáil dheonach Ghaeilge. Go leor i gcló aici ar réimse an oideachais agus sa phleanáil teanga. Na foilseacháin is déanaí i gcló aici More Facts about Irish (Coiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach, 2008 agus uasdátú 2014 ar líne), Ceisteanna na Linne (FÁS, 2008), An Chríostaíocht le Sinsearacht (FÁS, 2009), An tOideachas Caitliceach (FÁS, 2011), Cá Bhfuil Áibil do Dheartháir? (FÁS 2015), Scéalta an Luain (Breacadh, 2011), The Irish Language in Education in the ROI (Mercator Education, 2016). Ghnóthaigh duais Oireachtais FÁS 2007, 2008, 2009, 2014 agus duais Bhreacadh 2010. 

Helen’s experience includes teaching at various levels and active participation in the Irish language voluntary sector, reflected in many articles on education and on language planning. Latest publications include More Facts about Irish (Coiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach, 2008 and updated online, 2014), Ceisteanna na Linne (FÁS, 2008), An Chríostaíocht le Sinsearacht (FÁS, 2009), An tOideachas Caitliceach (FÁS, 2011), Cá Bhfuil Áibil do Dheartháir? (FÁS 2015), Scéalta an Luain (Breacadh, 2011), The Irish Language in Education in the ROI (Mercator Education, 2016). She received five Oireachtas awards. 

Place of birth: Rathkeale, Co. Limerick

Share this portrait:

Is poblacht dhaonlathach é Stát na hÉireann. Ciallaíonn sin gur chóir go mbeadh coibhneas ar leith idir an Stát agus an saoránach. Tá lagtha go mór, ar mhórán cúiseanna, ar choincheap an náisiúnachais a chuir tús leis an aonad polaitiúil arb é an Stát é. Tá lagtha ar údarás agus ar éifeacht na n-institiúidí éagsúla sóisialta agus creidimh. Tá coincheap an phobail athraithe agus faoi ath-shainmhíniú. Tá gá, dá réir, le poblachtánachas de chineál nua, le poblachtánachas sibhialta a chothóidh as an nua na suáilcí sibhialta.

Is í an earnáil dheonach Ghaeilge – earnáil na saoránach, earnáil a thaispeáin i gcónaí dílseacht ar leith do choincheap an stáit fhlaithiúnaigh le tuiscintí leathana cultúrtha – an earnáil ba chóir a bheith ag múnláil fealsúnachta nua do chúinsí nua, agus coibhnis úrnua leis an Stát a bheith ina gcuid bhunúsach den fhealsúnacht sin. Níl sin le feiscint go fóill. Ach muna nglactar leis an dúshlán, ní léir cad tá i ndán don earnáil.

Helen Ó Murchú, Dúshlán agus Treo, lch 16 (An Aimsir Óg, 2003)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00