Gréagóir Ó Dúill

Gréagóir Ó Dúill

Photographer: Máire Uí Mhaicín

Usage rights: Foras na Gaeilge

Date: 18 October 2010

Setting: Dublin

Genres: Editor, Poet, Reviewer

I mBaile Átha Cliath a rugadh Gréagóir Ó Dúill agus is ansin agus i nGort an Choirce atá cónaí air. Tá idir scríbhneoireacht acadúil agus scríbhneoireacht chruthaitheach á gcleachtadh aige le fada — aistí sa stair liteartha, chultúrtha agus shóisialta, critic, beathaisnéis ar Samuel Ferguson, cnuasach gearrscéalta faoin teideal Mar Atá. Bhí sé ina eagarthóir liteartha ar Comhar ar feadh roinnt blianta, agus is comhalta é de bhord na hirise le tamall agus ba í Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, a sheol a dhíolaim d'fhilíocht an chéid, Fearann Pinn. Is í an fhilíocht is mó a chleachtann sé anois. Faoin am seo, tá deich mbunchnuasach Gaeilge aige, dhá dhíolaim mhóra, dhá rogha dánta, cnuasach aistriúchán ó Ghàidhlig na hAlban, dhá chnuasach bundánta Béarla agus cnuasach leaganacha Béarla ar a shaothar Gaeilge. Bhronn na Comhairlí Ealaíon, thuaidh agus theas, sparánachtaí air, bhuaigh sé príomhdhuais an Oireachtais ar chnuasach filíochta in 2010, duais Gaeilge Bhéal Átha na mBuillí, agus duais chritice an Oireachtais dhá uair. Coiscéim a fhoilsíonn an chuid is mó dá shaothar. Meastar gur file íogair macnamhach léannta é, a bhfuil aird faoi leith aige ar an dúlra; is minic an grá agus an foréigean mar mhórthéamaí aige agus spreagann a chuid taistil chun dáin go minic é.

Gréagóir Ó Dúill was born in Dublin, grew up in Whitehead, County Antrim, and was educated in Belfast, Dublin and Maynooth where he took his PhD in English. Long associated with the Poets' House in Donegal, he was recently lecturer in contemporary writing in Irish in Queen's University, Belfast and in creative writing in the Waterford Institute of Technology. Much published in Irish with ten collections, he was awarded first prize for a new collection in the 2010 Oireachtas, and LeabhairCOMHAR issued his selected verse, Annála (2011). He published a literary biography of Samuel Ferguson and a collection of short stories as well as two influential anthologies. He now also works in English. His collections include New Room Windows (2008) and Outward and Return (2012). He also published a volume of translations of Scottish Gaelic poems by Crisdean MacIllebháin, Dealbh Athar (2009).

Birth date: 1946

Place of birth: Dublin

Share this portrait:
An Frog sa Bhucaeid

Tá frog sa bhucaeid.
Cá fhad anois ansin é? Is ar éigean beo:
Ní bhogann an scornach,
Tá mogall ar na súile,
Tá an craiceann iomlán tirim,
Ina ghlóthach seirgthe,
Ar dhath luaithreach na móna thart air,
Ina chac tirim caora ag an mhóin,
Ina chamal caillte sa ghaineamhlach shinciarainn

Tiontaigh an bucaeid bun os cionn,
Nó ní cónra mhiotail é dá leithéid shoineanta
Nár thuill an cillín buí.
Amharc air. Bogann sé, suíonn ceart,
Droim íota le spéir, géaga le sráid,
Súile leat. Ní iarrann. Fanann.

Buacaire an chlóis taobh leat, ní haon rud mór
Boiseog a shilt anuas air, braon ar bhraon.
Amharc a dhroim, dathanna ag filleadh ar an chraiceann leis an bhaisteadh.
Tógann sé a dhá lámh mar chosaint ar a shúile
Nó malaí agus fabhraí níor bronnadh air san ubh.

Agus imigh leat, anois, do ghnósa déanta.
Cead amhairc i gcionn leathuaire agat – ní bheidh sé ann.

Gréagóir Ó Dúill, as An Fhuinneog Thuaidh (Coiscéim, 2000)

Hear the extract read aloud

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00